Dáil debates
Tuesday, 5 December 2023
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Earnáil na Meán
10:10 pm
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas arís leis an Teachta Ó Snodaigh as an méid atá ráite aige maidir le buiséad 2024. Tuigim agus tuigeann an Teach go léir gur obair neamhspleách í an obair atá déanta agus atá le déanamh ag Foras na Gaeilge. Oibríonn sé ar bhonn uile-oileán. Tuigtear cé chomh deacair is atá sé de bharr eachtraí sa Tuaisceart. Tá muidne i Roinn na Gaeltachta ag déanamh ár ndíchill agus ag obair le Foras na Gaeilge. Tá an-mhéid déanta ag an bhforas go dtí seo ar scéimeanna difriúla, scéimeanna nuachtán, scéimeanna Idirlín agus scéimeanna leabhar san áireamh. I mo thuairimse, tá sé ag déanamh an-dul chun cinn maidir leis an ábhar sin ach tuigim an cheist a cuireadh os mo chomhair. B'fhéidir go mbeidh seans ag an Teachta an méid sin a phlé le Foras na Gaeilge agus é ag déanamh a chuid oibre neamhspleách ón Rialtas.
No comments