Dáil debates

Tuesday, 5 December 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Earnáil na Meán

10:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Dá mbeadh The Irish Times, Irish Independentagus Irish Examinerag imeacht ón saol ag an am céanna, bheadh géarchéim i measc léitheoirí an Bhéarla. B'fhéidir go mbeadh siad ag brath ar The Sun, The Starnó rud éigin dá leithéid. Tá géarchéim ann nuair a imíonn na hirisí agus na nuachtáin ar fad a bhí ann do lucht na Gaeilge seachas iris amháin atá ag streachailt ar aghaidh. Bhuel, tá dhá iris ann ach tá ceann amháin dírithe ar chúrsaí eaglasta. Tá ceist dháiríre anseo ní hamháin ó thaobh na foilsitheoireachta. Luaigh an tAire Stáit an tuairisc a d'fhoilsigh muid. Tá súil againn go mbeidh duine éigin ón Roinn in ann teacht os ár gcomhair chun déileáil leis seo mar ní ceist Ghaeilge amháin é sin; tá na healaíona i gceist chomh maith mar tá scríbhneoireacht na Gaeilge chomh hársa sin gur seoid agus cuid dár n-oidhreacht í. Muna bhfuil irisí nó nuachtáin ann do scríbhneoirí, bheadh sé sin níos deacra. Arís, aithním an €300,000 a luaigh an tAire Stáit ach tá i bhfad Éireann níos mó ag teastáil chun déileáil le ceist na foilsitheoireachta reatha, is é sin, na hirisí agus nuachtáin a bhí i gceist agam sa cheist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.