Dáil debates

Thursday, 13 July 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Go raibh maith agat a Aire. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, alt 7, "A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla." Níl sé sin tarlaithe. In ainneoin an méid atá ráite ag an Aire agus obair na gcapall atá á dhéanamh ag an gcóras aistriúcháin sna Tithe, tá fadhb bhunúsach ann nach bhfuil Achtanna ar fáil i nGaeilge láithreach bonn. Caithfimid déileáil le sin. In ainneoin go bhfuil dul chun cinn déanta, níl muid ag cloí leis an rialú a tháinig ón Ard-Chúirt i 2019 agus tá Achtanna a ritheadh anseo ó shin. In ainneoin na ndeacrachtaí, an bhfuil an tAire sásta go mbeimid ag cloí leis na coinníollacha a leag an Ard-Chúirt ar an Stát na hAchtanna ar fad a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla roimh an bhliain seo chugainn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.