Dáil debates
Thursday, 13 July 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
11:00 am
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tar éis dul i gcomhar le Seirbhís Thithe an Oireachtais, tuigtear dom go bhfuil riaráistí ar thiontuithe oifigiúla ann agus go bhfuil an tseirbhís ag obair chun na riaráistí sin a fhoilsiú ar bhonn sceidealta. Is léir nach mbaineann alt 7 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 leis na riaráistí sin go léir, áfach, ós rud é nár tháinig an t-alt i bhfeidhm go dtí mí Iúil 2006. Tá curtha in iúl dom go bhfuil na hAchtanna riaráiste sin go léir aistrithe anois agus go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Sa chomhthéacs sin, tá 25% den 511 Acht foilsithe anois agus tá 33% eile idir profáil agus seiceáil deiridh. Sa chomhthéacs sin, in ainneoin deacrachtaí earcaíochta agus foirne a bhfuil fianaise tugtha ina leith ina tuarascálacha bliantúla agus eile, tá an tseirbhís fós ag obair i dtreo na sprice a leagadh síos i gcinneadh na hArd-Chúirte in 2019 a bhaint amach faoi 2024.
Tuigtear dom go bhfuil an tseirbhís ag breathnú ar na próisis earcaíochta atá in úsáid faoi láthair le feiceáil an bhfuil bealach le barrfheabhas a chur orthu agus tuilleadh daoine a mhealladh isteach. Ni aon iontas é go bhfuil deacrachtaí ag an tseirbhís cur le líon na mball foirne le Gaeilge le tabhairt faoin obair seo. Is fadhb choitianta í trasna na tíre i ngach earnáil tráth a bhfuil lán-fhostaíocht sa Stát i gcoitinne. Is léiriú é chomh maith ar an méadú thar chuimse atá tagtha ar líon na ndeiseanna fostaíochta atá ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge de bharr thionchar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus Acht na Gaeltachta, 2012. San áireamh anseo, dár ndóigh, tá poist mar phleanálaithe teanga, poist mar sheirbhísí phoiblí, agus poist in earnáil na fógraíochta ó cuireadh tús feidhme leis an bhforáil sin den Acht Teanga anuraidh.
Go ginearálta, tuigfidh an Teachta áfach gur gnó é d'Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta agus nach bhfuil aon ról agam mar Aire ann. Is gnó é chomh maith do chomhlachtaí poiblí iad féin a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Tá tiomantas na seirbhíse don teanga le léiriú go soiléir chomh maith ina plean straitéiseach 2022-2024 ina mbaineann toradh straitéiseach a cúig go sonrach leis an nGaeilge agus an obair i dtreo Oireachtas dátheangach. Tuigtear dom chomh maith gur reáchtáil sí Collóiciam an Oireachtais ar Pharlaimintí Dátheangacha le déanaí chun breathnú ar dhea-chleachtais i dtíortha eile, eadhon, an Bhreatain Bheag agus Málta sa chomhthéacs seo.
No comments