Dáil debates

Thursday, 11 May 2023

An Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála agus an tionchar ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar Phobal Labhartha na Gaeilge: Motion

 

4:35 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leo siúd a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Is díospóireacht an-tábhachtach í seo is cuma más i mBéarla, i nGaeilge nó in aon bhealach eile a reáchtáiltear í. Tá súil agam go dtabharfaidh cathaoirligh agus baill na gcoistí eile ar fad aird ar an méid atá leagtha síos sa tuarascáil seo. Toisc gur Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge muid, dhírigh muid isteach ar na dainséir agus na hábhair buartha a bhaineann leis an gcomhaontas seo maidir le cur chuige an Stáit ó thaobh na Gaeltachta de. Baineann ceann de na príomhdhainséir leis na cinntí a bheidh an Stát ag déanamh amach anseo chun infheistíocht a mhealladh chuig an nGaeltacht trí fhordheontais a chur ar fáil nó athruithe a dhéanamh a dtabharfadh stádas eisceachtúil do thograí a chruthódh poist sa Ghaeltacht. Bunaithe ar an méid atá leagtha amach anseo, tá an seans ann go bhféadfaí cás a thógáil i gcoinne an Stáit de thairbhe go bhfuil sé ag teacht salach ar na forálacha atá leagtha síos sa chomhaontú seo. Is ábhar buartha dúinn é seo. Dar ndóigh, bíonn deiseanna ann i gcónaí nuair a dhéantar comhaontuithe. Is é sin an fáth go ndéantar iad ach tá dainséir ann freisin agus táimid tar éis sonraí a thabhairt air sin. Is é sin an fáth gur dhírigh muid isteach air seo.

Agus muid ag teacht chun deireadh an taighde a bhí á dhéanamh againn lenár gcur chuige, tháinig toradh an cháis sin ón gCúirt Uachtarach. Is cuma an raibh ceathrar breithimh in aghaidh triúir nó seisear in aghaidh breitheamh amháin, sa deireadh thiar thall, is é toradh an cháis ná go ndúirt an chúirt go raibh dainséar ann. D'aontaigh tromlach na mbreithiúna, therefore is é an breithiúnas ná go bhfuil dainséar ann ó thaobh an chonartha seo agus gur chóir go mbeadh reifreann ann. Luaigh an tAire Stáit an scoilt seisear in aghaidh breitheamh amháin agus go bhféadfaí athrú a dhéanamh ar an dlí. Ní cóir go rachaimis sa treo sin, treo ina ndeachaigh muid roimhe seo.

Rinneadh iarrachtaí mar sin i leith conarthaí Eorpacha cheana. Sa deireadh thiar thall, bhí ar Raymond Crotty dul chuig an gCúirt Uachtarach. Toisc go raibh an bua aige, nuair atá rialtais ag déanamh cinntí móra a thagann salach ar an mBunreacht mar atá sé, caithfidh siad dul go dtí an pobal agus éisteacht leis an méid atá siad ag rá. Cuirtear foclaíocht os comhair an phobail agus glactar nó ní ghlactar léi. Cén fáth go mbeadh eagla orainn roimh an bpobal? Sa deireadh thiar thall, is é sin an daonlathas. Thar na blianta, chonaic muid gur aontaigh an pobal leis an rialtas anois agus arís agus nár aontaigh siad leis uaireanta eile. I gcás na hEorpa, ritheadh dhá reifreann faoi dhó, is iad sin, Conradh Liospóin agus Conradh Nice, ach ní hiad na reifrinn amháin a reáchtáiltear faoi dhó. Bhí reifreann ann nuair a mholtar go bhfaightear réidh leis an gcóras proportional representation agus reáchtáiltear é sin faoi dhó chomh maith. Theip ar faoi dhó. Nuair a bhí reifreann ann maidir le divorce, d'éirigh leis an dara huair. Bhí an deis sin againn thar na blianta.

Ní cóir go mbeadh eagla ar rialtas riamh foclaíocht a chur os comhair an phobail agus díospóireacht a bheith againn. Ní gá dúinn istigh anseo an cinneadh a ghlacadh i gcónaí. Níl muid i gcónaí ceart istigh anseo, is cuma cén taobh ar a bhfuil muid. Níl an t-eolas ar fad againn. Tuigeann an pobal rudaí. Níl siad tiubh in aon chor. Tá níos mó tuisceana ag daoine lasmuigh den institiúid seo ná mar atá agam nó ag aon duine eile istigh anseo. Go minic, tá tuiscint i bhfad chun tosaigh orainn acu. Ní gá dúinn ach smaoineamh ar na reifrinn le déanaí chun a fheiceáil cé chomh fada chun tosaigh orainn a bhí an gnáthphobal.

Impím ar an Rialtas féachaint ar an mbreithiúnas. Is ceart é sin a dhéanamh. Ní cóir deifriú. Bhí na breithiúna cuibheasach soiléir maidir leis an dainséar atá i gceist. Is dainséar substaintiúil é ónár dtaobh de. Luaigh an tAire Stáit an cur chuige i gCeanada maidir leis an bhFraincis. Díríonn ár gcoiste go minic ar an stádas atá ag an bhFraincis i gCeanada agus deirimid go mbeadh sé go hiontach dá mbeadh an chosaint agus an pacáistiú dátheangach againn. Féachaimid ar an mBreatain Bheag, ar Albain agus ar Thír na mBascach chun samplaí ach, i gcás an chonartha seo, níor fhéach muid orthu mar ní bhfuair muid na díolúintí atá ar fáil don Fhraincis i gCeanada faoin gcomhaontas don Ghaeilge. Níl an milleán ar státseirbhísigh na hÉireann nó ar an Aire Stáit. Níl a fhios agam cé nár dhein é ach ní bhfuair an tAontas Eorpach ina iomlán cosaint dóibh siúd sa Bhriotáin, i dTír na mBascach nó i dtíortha eile, go bhfios dom. Ghlac an tAontas leis na príomhtheangacha atá aige amháin. Is ansin a thosaíonn an t-ísliú stádais agus an creimeadh ar an stádas atá bainte amach againn don Ghaeilge tar éis tamall maith de bhlianta ag troid dó. Tá stádas ar leith ag an nGaeilge anois san Eoraip agus táimid á ísliú anois. Má tá binsí fiosrúcháin infheistíochta i gceist, níl an Ghaeilge luaite leo. Is dainséar é sin. Is creimeadh é sin, ní hamháin ar stádas na Gaeilge sa tír seo, ach ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Caithfimid é sin a aithint.

Tá an ceart ag an Aire Stáit maidir leis an údarás. Mar a dúirt sé, tá an t-údarás gafa le forbairt eacnamaíochta agus le caomhnú ár gcultúir agus ár dteanga. Is é sin a ról. Tréaslaím leis an Aire Stáit, an Teachta O'Donovan, as cinnteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022, a fhoilsiú ach, faoi láthair, táimid ag plé an moladh go dtabharfar cumhachtaí breise don údarás. Más rud é go gcloíonn muid leis an gcomhaontú seo, d'fhéadfadh na cumhachtaí breise a bhfuilimid ag caint fúthu teacht salach ar an gcomhaontú seo. Tá sé dainséarach. Tá buntáiste le baint ag comhlachtaí as lonnú sa Ghaeltacht, comhlachtaí eachtracha ina measc. Tuigeann muid ar fad cé chomh tábhachtach is atá na comhlachtaí sin do gheilleagar na Gaeltachta. Gan iad, bheadh an cheist i bhfad Éireann níos measa. Caithfimid déanamh cinnte de nach bhfuil seans ar bith go mbeadh comhlacht éigin i gCeanada in ann a rá go bhfuil na comhlachtaí sin ag fáil buntáistí nach bhfuil ar fáil dó féin. Sa deireadh thiar thall, is é sin an fáth go bhfuil an binse infheistíochta sin ann. Gan an chosaint sin, ní fiú a lán de seo. Is chun an iarracht sin a dhéanamh atá sé ann. Ní hiad na comhlachtaí beaga bídeacha le duine nó dhó, deichniúr nó 20 duine iontu a bhaineann buntáiste as sin ach na comhlachtaí móra a bhfuil an t-airgead acu. Ní hamháin go mbeadh siad in ann deireadh a chur leis an mbuntáiste sin i gcásanna áirithe, ach bheadh siad in ann moill a chur ar aon bhuntáistí a bheadh i gceist. Ba chóir go mbeadh buntáistí ar leith ann chun déanamh cinnte de go mbeidh na muilte gaoithe curtha san Atlantach agus go mbeidh an Stát, tríd an údarás, in ann fordheontais a thabhairt dóibh. D'fhéadfadh comhlacht ó Cheanada a rá go gcaithfidh muid an fordheontas céanna a thabhairt dó in ainneoin gur theip air i gcomórtas toisc nach raibh sé ag fostú daoine áitiúla, nach raibh sé lonnaithe go háitiúil, nach raibh Gaeilge aige nó fáth éigin eile mar níl an chosaint sin ann. Níl cosaint ann don Ghaeltacht ná don teanga.

Is iad sin na ceisteanna a bhí muidne ag triail le cíoradh nuair a bhí muid ag díriú isteach air seo inár dtuarascáil. Measaim féin go bhfuil jab maith déanta againn mar choiste. D'ardaigh muid ceisteanna, tháinig muid ar an gcinneadh a tháinig muid air agus rinne muid na deich moladh atá anois os ár gcomhair. Anois, ba chóir dúinn a chinntiú go leanfaidh an díospóireacht seo i dTithe an Oireachtais agus nach deireadh leis é seo. Caithfidh an díospóireacht seo ní hamháin na ceisteanna seo, ach ceisteanna i gcoitinne, a chlúdach.

Uaireanta i dTithe an Oireachtais bíonn muid cúthail ó thaobh díospóireachta agus cuirimid deireadh léi. Ba chóir go mbeadh gach duine á dhéanamh seo toisc go bhfuil sé chomh mór seo mar ábhar. Ba chóir go mbeadh muid ar fad ag cur ár ladar isteach sa scéal agus ag díriú isteach air.

Gabhaim mo bhuíochas arís leis an gcléireachas coiste agus seirbhísí na leabharlainne agus, dar ndóigh, leis an Aire Stáit agus an Teachta Connolly as páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo. Measaim gur jab maith é agus gur chóir do dhaoine díriú isteach ar an tuarascáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.