Dáil debates
Thursday, 17 November 2022
Ceisteanna Eile (Atógáil) - Other Questions (Resumed)
Foras na Gaeilge
10:20 am
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá iarrachtaí déanta ag Foras na Gaeilge teacht ar chomhlacht nó ar chomhairleoir leis an obair seo a dhéanamh. An bhliain seo caite, bhí €200,000 luaite leis an obair. Fós, níor éirigh leis an bhforas aon dream chun spéis a léiriú ann.
Ní dhearnadh aon dul chun cinn dá réir. Tá an foras ag féachaint ar an obair a bhriseadh síos agus a dhéanamh ina píosaí. Tá iarratas ar eTenders ann faoi láthair. Cé go bhfuil suim airgid €50,000 luaite leis an obair, ní féidir leis an bhforas dearbhú a thabhairt ar an méid a gcosnóidh an obair.
Mar a luaigh an Teachta, tá dúshlán ag baint le tairiscintí a mhealladh le tabhairt faoi shainchomhairleoireacht in earnáil na Gaeilge. Is mar thoradh ar an dúshlán sin atá an togra áirithe seo briste síos ina chéimeanna chun go mbeidh an obair soláimhseáilte. Maidir leis an iarratas ar eTenders, déanfar measúnú ar na hiarratais a fhaightear. Beidh luach ar airgead ar cheann de na critéir mheasúnaithe. Is cur chuige céimnitheach atá le glacadh leis na codanna éagsúla seo a chur i gcrích. Tá an t-iarratas ar thairiscintí ar an gcéad chéim den obair fógartha ar eTenders faoi láthair.
No comments