Dáil debates

Thursday, 17 November 2022

Ceisteanna Eile (Atógáil) - Other Questions (Resumed)

Foras na Gaeilge

10:20 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Léiríonn an freagra sin an fhadhb atá ann agus níl a fhios agam conas teacht timpeall air. Muna féidir teacht orthu siúd atá cáilithe chun breithniú a dhéanamh, is fiú an t-airgead sin - ní suim bheag é €50,000 - a chaitheamh ar na ceanneagraíochtaí atá iniúchadh nó athbhreithniú á lorg acu.

Tuigim go bhfuil gá le Foras na Gaeilge agus an státchóras athbhreithniú a dhéanamh i gcónaí ar chaiteachas poiblí atá á dtabhairt d’eagrais. Muna féidir teacht ar na scileanna sin lasmuigh, caithfidh go bhfuil siad laistigh den Roinn Airgeadais nó áit éigin eile ionas gur féidir an státchóras féachaint ar conas is féidir é seo a dhéanamh. Ní díreach ó thaobh na Gaeilge de a bhíonn moill ar athbhreithniú agus cuireann sé sin rudaí as riocht go minic.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.