Dáil debates

Wednesday, 1 June 2022

Ceisteanna - Questions

An Teanga Gaeilge

1:22 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach agus aithním go bhfuil an scéim reatha ann ach beidh deireadh leis an scéim sin i mbliana. Níl a fhios agam an bhfuil sé i gceist ag an Taoiseach síneadh ama a chur léi, scéim nua a chur ar siúl dá Roinn, nó cén bealach atá i gceist aige chun déileáil léi má leantar go bhfuil moill ar thosú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a ritheamar anseo níos luaithe i mbliana. Is léir go bhfuil an mhoill sin ag cur as do roinnt nithe agus tiocfaidh mé ar ais chucu sin ar ball.

Níl an coiste comhairleach bunaithe, níl caighdeáin leagtha síos go fóill agus níl a fhios againn fós cén uair a thosóidh éifeacht ceart a bheith ag an Acht sin. Deirim é sin mar go raibh coiste ar siúl an tseachtain seo caite, agus aréir freisin. Bhíomar ag déileáil leis an mBille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, áit a deir an tAire Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee nach raibh uirthi cloí le forálacha an Achta sa choimisiún sin toisc nach raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 tosaithe.

Aréir dúirt an tAire Stáit, an Teachta Noonan, go raibh sé sásta moill a chur agus féachaint an athuair ar an Bille um Athchóiriú Toghcháin maidir leis na forálacha sin ó thaobh earcaithe agus aon rud eile de a thagann anuas as Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a ritheamar anseo. An féidir leis an Taoiseach treoir a thabhairt do na hAirí uile gur gá dóibh gníomhú in aon Acht atá idir lámha acu fad is atáimid ag fanacht ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a bheith tosaithe, amhail is go bhfuil an tAcht sin féin tosaithe?

Maidir le Roinn an Taoisigh, an gá nó an féidir síneadh ama a chur leis an scéim sin chun a dhéanamh cinnte de go leanfaidh sé agus nach mbeidh folús ann nuair a thiocfaidh deireadh leis in 2022?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.