Dáil debates

Wednesday, 1 June 2022

Ceisteanna - Questions

An Teanga Gaeilge

1:22 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 11 agus 12 a fhreagairt le chéile.

Foilsíodh scéim teanga reatha mo Roinne don tréimhse 2019 go 2022 in 2019 ar gov.ie. Áirítear sa scéim raon gealltanais seirbhíse atá leagtha amach chun a chinntiú go mbeidh custaiméir ar bith de chuid Roinn an Taoisigh atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ábalta é sin a dhéanamh.

Áirítear leis sin: seirbhísí ar an bhfón, ar an láthair agus cáipéisí ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú. Aithnítear an tábhacht a bhaineann le baill foirne a bheith againn atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil sé ar a gcumas seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus leanfar ar aghaidh á dhéanamh. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 leagtha amach chun forálacha reachtaíocht 2003 a neartú trí chaighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí a thiocfaidh in áit chóras reatha na scéimeanna teanga. Tá scéim reatha na Roinne i bhfeidhm go fóill agus leanfar de bheith ag cloí léi go dtí cibé am a mbeidh na caighdeáin nua sainithe agus á gcur i bhfeidhm.

Is í an uaillmhian atá leis an Acht nua ná caighdeáin na seirbhísí a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal a fheabhsú le réimse bearta nua a bheidh le tabhairt isteach de réir a chéile. Áirítear ar na bearta sin baill foirne a earcú sa tseirbhís phoiblí atá inniúil sa Ghaeilge, níos mó fógraíochta i nGaeilge agus na seirbhísí poiblí go léir sa Ghaeltacht a chur ar fáil i nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.