Dáil debates

Wednesday, 9 March 2022

Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

 

12:52 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is féidir leis an Eoraip teacht le chéile, agus is iontach an scéal é go bhfuil an méid sin aontas ann agus go bhfuilimid go léir ag obair le chéile maidir leis an méid atá déanta ag an Rúis ar an Úcráin. Is uafásach an scéal é go bhfuil cogadh ag an am seo agus go bhfuil a lán daoine ag fulaingt de dheasca an chogaidh seo. Caithfimid gach rud a dhéanamh ar dtús chun é sin a ísliú agus chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine.

Mar aon leis sin, aontaím leis an Teachta go bhfuil brú faoi leith ar mhuintir na tíre seo ó thaobh cúrsaí ola de agus praghsanna ag dul in airde lá i ndiaidh lae. Níl aon dul as. An pacáiste atá foilsithe ag an Rialtas inniu, is cabhair a bheidh ann. Is cabhair an-mhór é chomh maith an rud a rinneamar mí ó shin, iarfheistiú suas le 500,000 teach. Beidh muid ag déanamh scrúdaithe ar a lán nithe a bhaineann leis seo sna seachtainí atá le teacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.