Dáil debates
Wednesday, 9 March 2022
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:52 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá costais boilscithe ag cur an-bhrú ar dhaoine ar fud na tíre, idir díosal, peitreal agus go leor eile ar nós córas iompair, feirmeoireachta, tógála, agus go háirithe daoine a bhíonn ag taisteal isteach agus amach ag obair go laethúil nó ag iarraidh an teach a théamh. Bhí an brú sin ann i bhfad roimh an gcogadh uafásach san Úcráin. Cinnte, cabhróidh an chéim atá á thógáil ag an Rialtas anois faoiseamh a thabhairt do dhaoine le cuid de sin, ach is fadhb í ar fud na hEorpa. Chonaiceamar an tslí ina raibh an Eoraip in ann seasamh le chéile ar son na hÚcráine, seasamh le chéile ó thaobh an vacsaínithe a chur ar fáil. An féidir leis an Eoraip seasamh le chéile agus céimeanna éigin a thógáil maidir leis an gcostas boilscithe agus go gcuirfeadh sé faoiseamh breise ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh taisteal chun na hoibre nó an teach a théamh?
No comments