Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

5:02 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an ócáid seo gach bliain, deirim go bhfuil sé cosúil le coileán a cheannach ag an Nollaig. Ní don Nollaig amháin é coileán agus ní do Sheachtain na Gaeilge amháin í úsáid na Gaeilge san Oireachtas. Tá rudaí ag éirí níos fearr agus caithfidh mé buíochas a ghabháil leis na daoine i rannóg an aistriúcháin a thugann an-chuidiú do dhaoine an Ghaeilge a úsáid, le haistriúcháin agus le frásaí gach seachtain. Gabhaim buíochas leis na hiriseoirí a bhfuil Gaeilge acu agus a dhéanann an-iarracht cuidiú le Teachtaí agus Seanadóirí an Ghaeilge a úsáid sna meáin chumarsáide. Tá cathaoirleach an choiste Gaeilge anseo. Gabhaim buíochas leis as an obair a dhéanann sé féin, an cléireach agus foireann an choiste chun cúrsaí Gaeilge a chur os comhair Thithe an Oireachtais agus chun seasamh ar son na Gaeltachta.

I gcomhthéacs obair an choiste sin, tá sé suimiúil a fheiceáil cé mhéad feidhmeannach sinsearach Stáit nach bhfuil Gaeilge acu chun teacht os comhair an choiste Gaeilge, chun spreagadh a thabhairt as Gaeilge. Tháinig go leor príomhfheidhmeannaigh na comhairle contae os ár gcomhair i gcomhthéacs cheist na pleanála teanga Gaeilge. Ní raibh Gaeilge acu le teacht os ár gcomhair. Ba léir freisin nach raibh Gaeilge ag go leor oifigeach pleanála tithíochta sa tír. Mar sin, caithfimid i bhfad níos mó oibre a dhéanamh.

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit agus lena chuid oifigeach maidir leis an obair a rinne siad ar an mBille teanga, ach caithfimid é a chur ag obair anois. Tá an Bille achtaithe. Níl aon mhaitheas leis an Acht mura bhfuil sé éifeachtach ar an talamh. Caithfimid oibriú le go mbeidh na seirbhísí ann, le go mbeidh tuiscint ag ann ag muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge go bhfuil siad in ann an Ghaeilge a úsáid. Caithfimid airgead a chur leis an bhfeachtas chun an tAcht a chur os comhair na ndaoine.

Labhair mé faoin obair atá ar siúl ag an gcoiste faoi chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht. Tá an tAire tithíochta, an Teachta Darragh O’Brien, agus an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ag déanamh iarracht an fhadhb seo a réiteach. Caithfimid a bheith i bhfad níos tapúla ag déileáil leis. Níl seans ag daoine nó ag a gclann tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht. Tá go leor scéalta léirithe ar TG4. Tá scéalta ag gach Teachta, Seanadóir agus comhairleoir contae ón nGaeltacht go bhfuil daoine ag iarraidh tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht agus nach bhfuil an cead ann. Ba chóir go mbeadh cás speisialta ann do dhaoine le Gaeilge agus a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid chun tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht agus caithfimid cabhrú leo.

Bhí a lán daoine ag caint faoi chúrsaí oideachais. Is léir go bhfuil fadhb ann ach tá deis ann freisin. Tá mórán suime ann i gcúrsaí oideachais, go háirithe sa bhunscoil, ach caithfimid na scoileanna a bhunú don oideachas meánscoile chomh maith leis an tríú agus leis an gceathrú leibhéal. Caithfimid é a cheangal le straitéis faoi chúrsaí oideachais.

Maidir leis na hÉireannaigh nua, na daoine atá ag teacht go dtí ár dtír, tá mórán suime acu an Ghaeilge a úsáid. Tá stair agus traidisiún iontach ag an nGaeltacht. Tá níos mó suime ag na hÉireannaigh nua, iad siúd a thagann chun na tíre seo, ná mar atá ag a lán daoine a rugadh anseo. Caithfimid cuidiú leo siúd chun an Ghaeilge a úsáid. Mar a dúirt mé, ní do Sheachtain na Gaeilge amháin í an Ghaeilge. Gabhaim buíochas freisin leis an gCeann Comhairle as an obair atá á déanamh aige ar son na Gaeilge sa Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.