Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

4:02 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt leis an Teach faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2022.

I measc buaic phointí mo chuid oibre mar Aire Stáit freagrach as an nGaeilge le bliain anuas, tá achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe go céimiúil curtha ar fáil do phobal na Gaeilge agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa teanga acu. Is iad príomhspriocanna an Achta 20% d’earcaithe nua don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030, go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfar plean náisiúnta do sholáthar sheirbhísí phoiblí i nGaeilge a fhorbairt.

Is iad príomhspriocanna an Achta ná 20% d’earcaithe nua don tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh dheireadh 2030, go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfar plean náisiúnta do sholáthar sheirbhísí phoiblí i nGaeilge a fhorbairt.

Tá scríofa ag mo Roinn cheana féin chuig comhlachtaí poiblí ag meabhrú dóibh faoin Acht nua agus na príomhspriocanna atá san áireamh ann. Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 d’athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach a bheartaímid do sholáthar seirbhísí poiblí Ghaeilge ar ardchaighdeán do phobal na Gaeilge. Is tionscadal fadtéarmach é seo a bhfuil taighde cuimsitheach agus forbairt phlean náisiúnta um sholáthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge ina chroílár.

I láthair na huaire, táim ag obair i gcomhar le hoifigigh mo Roinne chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta sa tréimhse amach romhainn. Chuige sin, tá plean oibre forbartha ag oifigigh mo Roinne ina leagtar amach na céimeanna éagsúla atá le glacadh sna míonna amach romhainn chun forálacha an Achta a fheidhmiú.

Is í mo phríomhthosaíocht ag an tráth seo ná próiseas a reáchtáil ar mhaithe le beirt chomhalta a earcú a bheidh ionadaíoch ar an gcoiste comhairleach a bhfuil foráil déanta dó san Acht, ar son phobal labhartha na Gaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an réamhobair don phróiseas sin tosaithe ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gcomhar le hoifigigh mo Roinne.

Leis an Acht nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Tagann forálacha an Achta i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Níor mhiste a lua gur togra uile-Rialtais é seo agus go mbeidh oibleagáidí orainn go léir trasna an Státchórais maidir lena fhorfheidhm.

Tá acmhainní breise faighte agam laistigh de leithdháileadh mo Roinne i mbuiséad 2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, chomh maith le hacmhainní breise a sholáthar d’Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais mhonatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá earcú na n-acmhainní foirne breise seo beagnach críochnaithe ag mo Roinn anois.

Tá beartaithe agam, thar na míonna amach romhainn, sraith seimineár faisnéise a eagrú do chomhlachtaí poiblí maidir le forálacha an Achta nua agus tús a chur le hailt ábhartha den Acht ar bhonn chéimiúil.

Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus ina teanga oibre iomláine in institiúidí an Aontais Eorpaigh anois mar gur tháinig deireadh leis an maolú ar a húsáid ag deireadh na bliana seo caite.

Tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus ardstiúrthóireacht an aistriúcháin le blianta anuas chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san Aontas agus leanfaimid orainn ag obair leis na hinstitiúidí sna blianta amach romhainn. Tá geallta i gclár an Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar phróiseas ceapacháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí áthas orm comhairliúchán poiblí a fhógairt le déanaí mar chuid den athbhreithniú sin.

Tugann sé seo deis don phobal agus d’eagraíochtaí, gur spéis leo, a dtuairimí agus a gcuid moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn le mo Roinn suas go dtí an 25 Márta agus tapaím an deis anseo inniu a mheabhrú don phobal go bhfuil an próiseas seo ar siúl agus tá súil agam go mbeidh siad páirteach san obair seo.

Tá sé tábhachtach go mbeidh glór agus ionchur cuí ag pobal na Gaeltachta san obair dhúshlánach a dhéanann an bord ar leas an Údaráis agus phobal na Gaeltachta agus tá áthas orm go bhfuil tús curtha leis an athbhreithniú mar atá geallta sa chlár Rialtais. Is ar an mbunús agus ar an tnúthán go mbeidh na coláistí Gaeilge athoscailte sa Ghaeltacht i mbliana atá mo Roinn ag feidhmiú anois.

Bhunaigh mo Roinn trí chiste faoi leith anuraidh ar leas na hearnála arbh fhiú €4 milliún ina n-iomlán iad. Cuireadh tacaíochtaí maoinithe ar fáil do na coláistí samhraidh féin, do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí na gcoláistí agus do hallaí pobail a bhíonn in úsáid ag coláistí samhraidh.

Ní bheadh aon amhras orm ach gur chabhraigh sé seo uile leis an earnáil teacht trí na dúshláin arbh éigean dúinn uile mar phobal a iompar le beagnach dhá bhliain anuas de bharr na paindéime.

Mar bheart breise le cabhrú tuilleadh le téarnamh na hearnála, d’fhógair mé le déanaí go mbeadh mo Roinn ag aithint gearrchúrsaí Gaeilge nach giorra ná trí lá mar bheart eisceachtúil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le téarnamh chóras na gcoláistí Gaeilge agus chun freastal a dhéanamh orthu siúd a chaill amach ar an deis freastal ar chúrsaí trí seachtaine de dheasca na paindéime. Ciallaíonn sé seo go mbeidh mo Roinn in ann deontais scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a íoc le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na ngearrchúrsaí seo.

Mar atá ráite ag an Aire, an Teachta Martin, romham, ba mhaith leis an mbeirt againn níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga a thagann ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste an Ghaeltacht a fheiceáil agus tá oifigigh na Roinne ag breathnú ar an gceist faoi láthair, dá bharr.

Mar a bhaineann sé leis an nGaeilge agus comhoibriú Thuaidh-Theas, cuireann mo Roinn tacaíocht leanúnach ar fáil d’Fhoras na Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt ar fud an oileáin. Cuireann mo Roinn tacaíocht ar fáil freisin faoi scáth chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua. Tá an cúnamh seo ar fáil as seo go ceann trí bliana. Is cúnamh é atá ar fáil d’fhorbairt na teanga ag leibhéal an phobail.

Maidir le hAcht teanga i dTuaisceart na hÉireann, bhí an beartas reachtaíochta a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an bhféiniúlacht, faoi scáth chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, sonrach agus cothrom i dtuairim an Rialtais seo agus ba chóir é a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Tá sé ráite ag rúnaí stáit an Tuaiscirt go dtabharfar an reachtaíocht seo chun cinn i Westminster a luaithe agus a cheadaíonn an t-uainchlár parlaiminteach seo a dhéanamh. Ag an bpointe seo, ní hacmhainn d’oifig Thuaisceart Éireann aon sonraí breise a sholáthar mar a bhaineann leis an uainchlár sin.

Baineann dúshláin leanúnacha fós inniu le cás na Gaeilge agus pobal a labhartha. Mar sin féin, tá mórán bainte amach ag an Rialtas seo maidir le neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga phobail agus leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.