Dáil debates

Wednesday, 2 March 2022

Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis

 

4:02 pm

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt libh anseo inniu i nDáil Éireann, go háirithe agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2022.

Mar léiriú ar thiomantas an Rialtais chun tacú leis an obair atá ar bun maidir le cur chun cinn na Gaeilge, tá sé tábhachtach dúinn féachaint ar an infheistíocht atá á déanamh againn sa teanga. Léiríonn an chistíocht méadaithe atá curtha ar fáil agam don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana, agus é ar fiú €85.6 milliún, tiomantas an Rialtais do chur chun cinn na teanga agus do phobal na Gaeltachta, tobar na teanga. Seo ardú €7 milliún ar chiste na bliana seo caite.

Is le gach duine sa tír an Ghaeilge, óg agus aosta, agus ba mhaith liom a cheapadh go dtugann an t-allúntas breise seo deis dúinn ár ngrá don teanga a roinnt ar níos mó de phobal na tíre. Ba mhaith liom níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga a thagann ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste an Ghaeltacht a fheiceáil, mar shampla. Chloisfidís an teanga á labhairt mar theanga bheo timpeall orthu agus iad ag cur fúthu i measc phobal na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil oifigigh mo Roinne ag breathnú ar na féidearthachtaí gníomhaíochtaí nua a fhorbairt sa spás áirithe seo agus cuirim féin agus an tAire Stáit fáilte roimhe sin.

Léiríonn Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030, agus an plean gníomhaíochta don Ghaeilge in éindí léi, polasaí an stáit don Ghaeilge agus do na ceantair Ghaeltachta. Tá úinéireacht tras-Rialtais ag an straitéis agus an plean gníomhaíochta a thacaíonn léi agus, dá réir sin, tá sé de chúram ar Ranna Rialtais, ar fhorais agus ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta an plean a chur i bhfeidhm. Tá de chúram ar mo Roinn an obair sin a chomhordú chomh maith, dár ndóigh.

Foilsíodh an dara tuairisc ar fheidhmiú an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge roimh an Nollaig 2021. De thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile, is údar sásaimh é domsa go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú sa dara tuairisc seo. Den 185 gníomh sa phlean, atá á bhforbairt ag thart ar 60 páirtí leasmhar, bhí 51 gníomh le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2020. Bhí 27 gníomh curtha i bhfeidhm ag deireadh 2020 agus 16 eile idir lámha. Bhain moill le hocht gcinn acu.

Tá an tAcht teanga nua achtaithe agus deireadh curtha leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpaigh ó shin, dár ndóigh, péire de na bearta polasaí is mó i saol na Gaeilge a cuireadh i bhfeidhm le fada an lá. Cuimsíodh an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go mí na Nollag 2020 sa tuairisc. Gan amhras, bhí sé dúshlánach feidhmiú le linn na paindéime le cúpla bliain anuas, ach mar sin féin, tá dul chun cinn suntasach déanta in ainneoin na ndúshlán a chuir an phaindéim romhainn.

I measc na ngníomhaíochtaí eile a cuireadh i gcrích, cuireadh pacáiste tacaíochtaí breise múinteoireachta agus eile ar fáil do scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim aitheantais scoileanna Gaeltachta chun iad a spreagadh. Cuireadh tús le clár baitsiléir san oideachas nua lán-Ghaeilge, oideachais tosaigh do bhunmhúinteoirí in Institiúid Oideachais Marino. Rinneadh dul chun cinn thar na bearta leis an bpróiseas pleanála teanga agus é faoi bhláth anois. Iontaíodh imeachtaí Gaeilge ar líne ar fud an oileáin agus iarrachtaí móra á ndéanamh ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ag pobal labhartha na teanga dul i ngleic le tionchar na paindéime ar an saol. Chonaic muid ranganna scoile agus campaí samhraidh ar TG4, mar shampla, Cé a chreidfeadh é? Fuarthas cead pleanála chun lárionad Gaeilge a fhorbairt ag 6 Sráid Fhearchair, i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, olltogra a bheidh á bhrú chun cinn againn i mbliana. Foilsíodh an foclóir nua Béarla-Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge. Tá an tuairisc iomlán ar fáil ar www.gov.ieagus molaim do Theachtaí í a léamh.

Tá mo Roinn freagrach as na meáin chraoltóireachta chomh maith dár ndóigh. Bhí áthas orm ardú de €4.2 milliún a fhógairt ar bhuiséad TG4 do 2022. Fágann seo buiséad de bheagnach €45 milliún ag TG4. Is é sin an méadú is mó riamh ar mhaoiniú an stáisiúin agus, dár ndóigh, beidh tionchar ag an ardú seo freisin ar rathúlacht na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Bíonn comhoibriú leanúnach idir TG4 agus rannóga éagsúla de chuid mo Roinne agus iad i mbun tograí éagsúla a fhorbairt agus a chur chun cinn mar a bhaineann leis an nGaeilge.

Gan dabht, ceann de na réimsí is tábhachtaí ó thaobh na teanga de ná réimse na fostaíochta, agus go háirithe fostaíocht sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé de sprioc ag Údarás na Gaeltachta 9,000 duine a bheith fostaithe i gcliantchomhlachtaí Gaeltachta faoi dheireadh na bliana 2025. Anuraidh, cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcomhlachtaí Gaeltachta de chuid an Údaráis, an líon is airde poist a cruthaíodh in aon bhliain amháin ó bhí 2008 ann. Nuair a thógtar laghdú post san áireamh, bhí glanmhéadú de 446 sa bhfostaíocht ina iomláine, an glanmhéadú bliantúil is airde le 25 bliain.

Bíonn comhoibriú leanúnach idir an Clár Éire Ildánach de chuid mo Roinne agus ár rannán Gaeltachta agus TG4 chomh maith, cur chuige a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite in obair gach rannóg de chuid mo Roinne. Anuas air sin, shínigh Tourism Ireland agus Údarás na Gaeltachta comhaontú le déanaí ar mhaithe le tuilleadh comhoibrithe a chur ar bun maidir le forbairt tograí Gaeltachta in earnáil na turasóireachta.

Táim féin, an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ár bhfoirne agus an Rialtas tiomanta geallúintí an Rialtais i leith forbairt agus neartú na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus leanfaimid orainn á dhéanamh le linn na bliana atá amach romhainn. Go raibh míle maith agaibh agus bainigí sult as Seachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.