Dáil debates

Thursday, 24 February 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:20 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá nasc idir an bord agus an pobal agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an próiseas seo anois chun deis a thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin poiblí. Ina dhiaidh sin, beimid in ann an struchtúr nua a chur amach nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe. Beimid in ann na céimeanna eile a fhoilsiú nuair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe maidir leis an mbord eile. Táimid ag déanamh na hoibre sin anois agus nuair a bheidh an t-athbhreithniú foilsithe, beimid in ann na céimeanna eile a chur amach maidir leis an mbord nua. Tuigim, ámh, go bhfuil an bord seo críochnaithe an bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú críochnaithe i rith an tsamhraidh agus beidh go leor míonna againn chun na céimeanna eile a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.