Dáil debates
Thursday, 24 February 2022
Ceisteanna Eile - Other Questions
Údarás na Gaeltachta
10:10 am
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar a luaigh mé, beidh an bord reatha as feidhm in 2023. Tá an t-am sin ag druidim linn go tapa. Tá an próiseas comhairliúcháin tosaithe anois. An bhfuil tuairim ag an Aire Stáit ar cén fhad a thógfaidh an próiseas comhairliúcháin? An mbeidh an córas nua i bhfeidhm in am i gcomhair an chéad bhord eile a chur isteach in 2023? An bhfuil plean faoi leith chuige sin? Luafaidh mé arís an tslí ina bhfuil an nasc idir pobal na Gaeltachta agus an bord laghdaithe nuair nach bhfuil deis ag an bpobal a ionadaithe féin a roghnú. Dar ndóigh, ní raibh aon ionadaíocht ag roinnt acu ar feadh ceithre bliana agus is laige é sin. Pé rud a roghnófaí, tá sé tábhachtach go mbeidh gach ball ar chomhchéim agus go mbeidh deis ag an bpobal a ionadaithe féin a roghnú amach anseo. Cífimid cad a éireoidh as an bpróiseas comhairliúcháin, ach an féidir soiléiriú a thabhairt ar cén uair an mbeidh an bord nua ag teacht i bhfeidhm?
No comments