Dáil debates

Thursday, 11 November 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

11:00 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé soiléir anois go bhfuil athbhreithniú i gceist, go bhfuil an chéad chéim críochnaithe agus go bhfuil an t-údarás i mbun oibre leis an dara céim. Cén uair a thosaigh an t-athbhreithniú seo agus cathain a bheidh sé críochnaithe? Cé atá i mbun oibre: an próiseas inmheánach nó a bhfuil foireann sheachtrach i gceist?

Tá an t-ábhar seo thar a bheith tábhachtach. Mar is eol don Aire Stáit, tá ardmheas ag muintir na Gaeltachta ar fud na tíre ar obair Údarás na Gaeltachta. Bhí beagnach 8,000 duine fostaithe aige faoi dheireadh 2020. Níl mé ag iarraidh aon rud a rá faoi Údarás ach amháin go bhfuil trí ghné de na freagrachtaí atá air: a bheith tiomanta don Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn; an pobal a chothú sna Gaeltachtaí; agus fostaíocht. Tá trí ghné i gceist agus, mar chúlra do mo cheist, tá mise ag díriú ar thábhacht na Gaeilge i measc na monarchana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.