Dáil debates

Wednesday, 6 October 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh

 

6:32 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 14:

I leathanach 9, línte 5 go 17 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 4A agus 4B a chur isteach
3. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:
“Ceann comhlachta phoiblí a cheapadh
4A. (1) Más rud é, de thuras na huaire, nach mbeidh duine ar bith arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar chomhlacht poiblí, féadfaidh an Rialtas, le hordú, duine a shainainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo.

(2) Déanfar gach ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Acht
4B. Déanfaidh ceann comhlachta phoiblí—
(a) comhalta foirne eile den chomhlacht a cheapadh chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo agus tuarascáil a thabhairt dó nó di, de réir mar is cuí, i ndáil le hoibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo, agus

(b) a chinntiú go ndéanfar achoimre ar aon cheann de na nithe arna dtuairisciú dó nó di de réir mhír (a) a áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann.”.”.

Mar thoradh ar an leasú seo beidh ar cheann comhlachta phoiblí duine den lucht bainistíochta sinsearach a ainmniú chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht sin. Chomh maith leis sin, ceanglóidh an leasú seo ar an duine sin tuarascáil bhliantúil i scríbhinn a sholáthar don cheann comhlachta maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla laistigh den chomhlacht poiblí sin agus déanfar an t-ábhar sin a chur san áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta. Tá mé buíoch de na Teachtaí Ó Snodaigh, Daly agus Farrell maidir leis an leasú seo. Tá dualgas ar na comhlachtaí poiblí cheana féin faoin bpríomh-Acht agus beidh tuilleadh dualgais acu faoin mBille seo. Chomh maith leis seo, beidh cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. Bheinn ag súil go gcloífeadh na comhlachtaí poiblí leis na forálacha seo agus go ndéanfadh siad é ar mhaithe leis na custaiméirí a bhfuil Gaeilge acu. D’fhéadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le go mbeadh duine i ngach comhlacht poiblí aitheanta chun a bheith freagrach as forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí mé sásta féachaint air, mar a dúirt mé, agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Molaim an leasú seo don Teach.

Ba mhaith liom leasuithe Uimh. 15 go 20, go huile, a thógáil le chéile toisc go mbaineann siad le ceann comhlachta phoiblí a cheapadh. Níl i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo. Maidir le leasú Uimh. 20, tá mé ag tabhairt aghaidhe ar an ábhar seo le mo leasú féin, sé sin, leasú Uimh. 14. Baineann leasuithe Uimh. 15 agus 16 le “déanfaidh” a chur in áit “féadfaidh”. Tá mé sásta leis an bhfoclaíocht atá luaite sa Bhille cheana agus is gá go mbeadh solúbthacht ann ar an ábhar seo.

Maidir le leasuithe Uimh. 17 agus 19, tá próiseas earcaíochta leagtha síos chun daoine a cheapadh agus ní bheidh sé i gcónaí réalaíoch na próisis sin a chur i gcrích laistigh de cheithre seachtaine, mar atá molta i leasú Uimh. 19. Tógfaidh sé i bhfad níos faide ná 28 lá chun an próiseas a chur i bhfeidhm. Bíonn fógra thuas ar shuíomh Idirlín www.publicjobs.iear feadh coicíse ar a laghad. Ansin bíonn tréimhse coicíse ann d’iarrthóirí cur isteach ar an bpost. Déanann an fhoráil mar atá sí cinnte de gur féidir leis an Rialtas duine a ainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críche an Achta más gá. Is foráil chaighdeánach í seo agus is rud eisceachtúil a bheadh anseo dá gcaithfí í a úsáid. Ní tharlódh sé seo ach go fíorannamh, dá dtarlódh sé ar chor ar bith. Táim sásta go bhfuil an chumhacht mar atá sí leagtha amach sa Bhille sásúil. Mar sin, nílim chun glacadh leis na leasuithe seo.

Maidir le leasú Uimh. 18, tá tosach feidhme na forálacha seo clúdaithe ag foráil 13 sa Bhille. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.