Dáil debates

Tuesday, 5 October 2021

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Cúrsaí Gaeilge

8:00 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta agus leis an gComhchoiste as an tuarascáil chuimsitheach seo a chuir i dtoll a chéile.

Is cinnte go bhfuil tábhacht ar leith le hearnáil na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht, idir na deiseanna foghlama agus saibhrithe teanga a thugann siad do dhaoine óga, agus an teacht isteach luachmhar do na teaghlaigh agus pobail Ghaeltachta atá ag brath ar an ioncam sin. Mar aitheantas praiticiúil ar thábhacht na hearnála beidh a fhios ag an Teach go ndéanann mo Roinn infheistíocht bhliantúil ar fiú os cionn €4 milliún é ar leas na hearnála via scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne. Ina theannta sin, cuireadh tús roinnt blianta ó shin le bearta breise faoi leith ar leas na hearnála ar nós DEIS Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin raon oibre seo ar fad ar shuíomh mo Roinne.

Ós rud é go mbaineann sé le gnóthaí Covid-19, mar is eol don Teachta, d’fhógair mé cheana pacáiste maoinithe méadaithe ar fiú €2.2 milliún é do na mná tí agus na teaghlaigh Ghaeltachta i mbliana mar aitheantas ar an mbealach tábhachtach a chuireann siad leis an earnáil. Ina theannta sin, d’fhógair mé ciste faoi leith le gairid ar fiú thart ar €240,000 do na hallaí pobail Ghaeltachta a úsáideann na coláistí samhraidh de ghnáth. Is maoiniú tábhachtach breise é seo mar aitheantas ar an obair fhónta a dhéanann lucht na hallaí go deonach den chuid is mó agus an tábhacht atá leo don earnáil.

Maidir leis na coláistí iad féin, tá go leor oibre déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt míonna anuas i gcomhar le scáthghrúpa na gcoláistí, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus leis na coláistí féin ar mhaithe le scéim chuí a fhorbairt chun earnáil na gcoláistí samhraidh a chobhsú. Chun go mbeifí in ann an cur chuige is fearr is féidir a aimsiú, tugadh faoi roinnt taighde faoi leith faoinar scaipeadh ceistneoir faoin ábhar ar gach coláiste atá bainteach leis an gcóras.

Tá an cheist níos casta i mbliana de bharr ioncam a bheith ag cuid de na coláistí ó fhoinsí eile nach raibh ar fáil dóibh anuraidh. San áireamh seo, tá ioncam ó scéimeanna eile de chuid an Stáit a bunaíodh de bharr na paindéime agus ioncam ó chúrsaí ar líne, go háirithe cúrsaí dírithe ar ábhar oidí. Mar sin féin, tá an obair thaighde agus anailíse réamhluaite beagnach críochnaithe agus tá súil agam an tríú beart a fhógairt go foirmiúil gan rómhoill eile ar mhaithe le leas foriomlán an chórais agus cheantair na Gaeltachta.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mo Roinn ag faire amach ar na bealaí a bhféadfaí cabhrú leis an earnáil, mar atá déanta ag an Roinn ó bunaíodh córas na gcoláistí Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.