Dáil debates

Wednesday, 3 March 2021

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

 

3:50 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis páirt a ghlacadh sna ráitis seo. Ní díospóireacht, faraor, atá i gceist leo ach ráitis arís. Tá sé bliana caite agam anois sa Dáil ag éisteacht le ráitis ó thaobh na Gaeilge de. Ní mór dom a rá go gcuireann sé beagáinín díomá orm go bhfuilimid fós ag caint laistigh de fhráma ráiteas seachas an Ghaeilge a bheith mar chuid lárnach den Dáil agus dá próiseas.

Nuair a toghadh mé mar Theachta Dála breis is sé bliana ó shin, sa bhliain 2016, bhí an agóid is mó a bhfaca mé riamh, Dearg le Fearg, ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath. Chuir na sluaite in iúl dúinn gurbh í an Ghaeilge an teanga dhúchais a bhí acu agus gur streachailt leanúnach a bhí ann dóibh seirbhísí a fhail trí Ghaeilge. Tuairim is sé bliana níos déanaí, táimid fós anseo ag caint agus gan tuilleadh seirbhísí ar fáil. A mhalairt atá i gceist, i ndáiríre. Tá easpa seirbhísí sna Gaeltachtaí uilig.

Tuigim go bhfuil dea-thoil ag an Aire agus an Aire Stáit atá anseo ó thaobh na Gaeilge de. Is dócha go bhfuil easpa aitheantais i gceist maidir le cé chomh deacair is atá sé do mhuintir na Gaeilge ar an talamh seirbhísí a fháil agus maidir leis an ngéarchéim atá ann. Tá neart tagairtí déanta ag an Aire agus an Aire Stáit inniu don chóras san Eoraip agus don neart deiseanna agus fostaíochta atá i gceist ann agus, gan blaiseadh den íoróin, tá sé sin ráite go minic ag an mbeirt acu agus ag an Taoiseach freisin. Is íorónta an scéal é nach bhfuil siad ag caint faoi dheiseanna anseo, ach a mhalairt arís, tá siad ag caint faoi na fadhbanna. Is féidir linn daoine le Gaeilge a bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge a sheoladh chuig an Eoraip ach nílimid in ann iad a fháil chun folúntais a líonadh anseo sna státseirbhísí. Tá sé curtha in iúl go soiléir ag an Rialtas go bhfuil fadhbanna ó thaobh fostaíochta de mar níl na daoine ann, ach tá siad ann chun dul go dtí an Eoraip. Is íorónta an scéal é sin.

Ba mhaith liom díriú isteach ar chúpla rud, más féidir liom, laistigh den am srianta atá agam. Tá maíomh á dhéanamh ag an Rialtas ó thaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ach tá sé tábhachtach an cúlra agus an stair a leagan síos anseo. In 2003 ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Acht réabhlóideach a bhí ann don am sin ach le himeacht na mblianta bhí sé soiléir go raibh bearnaí agus laigí i gceist. In 2015, foilsíodh ceannteidil. Ní raibh siad cuí do Bhille nua ná don fheidhm agus, buíochas le Dia, caitheadh i dtraipisí iad. Ansin, in 2017 foilsíodh na ceannteidil nua. Bhí siad láidir go leor agus cuireadh iad os comhair an Choiste Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag an am agus ghlacamar go fonnmhar leis an obair a bhí i gceist leo. Thógamar ar an obair a bhí déanta ag an gcomhchoiste go dtí sin, tar éis sraith cruinnithe ar fud na tíre go dtí gach Gaeltacht, beagnach. D'aithníomar ón tús gur chéim chun tosaigh a bhí ann i bhfoilsiú na ndréacht-cheannteidil ach ón tús bhíomar buartha gur chur chuige iomlán fadtéarmach a bhí i gceist agus ní raibh aitheantas ar bith go raibh géarchéim ann. D’fhoilsigh an comhchoiste an tuarascáil i mBealtaine 2018, beagnach trí bliana ó shin. Chuireamar in iúl arís is arís eile nach rabhamar ró-radacach. Bhí daoine míshásta linn nach rabhamar radacach go leor, ach bhí 20 moladh i gceist sa tuarascáil sin. Nuair a foilsíodh an Bille féin, rinneadh neamhaird go huile is go hiomlán ar na moltaí sin ó thaobh sprioc-ama agus cuspóirí a bhaint amach laistigh de thréimhse áirithe.

Ó shin tá ciall cheannaithe ag an Rialtas, go teoiriciúil, agus tá leasuithe le cur ag an Rialtas leis an mBille seo, ach ní raibh siad sin le feiceáil sa Bhille. Táimid i mbun oibre chuile sheachtain. Deir iriseoirí éagsúla gur obair leadránach í. Ní dóigh liom gurb é sin an focal ceart. Is obair thábhachtach atá ar siúl ag an gcoiste faoi stiúir an Teachta Ó Snodaigh. Tá gá le Bille láidir a chuireann béim ar sheirbhísí sna Gaeltachtaí trí Ghaeilge mar cheart, a thugann cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga, agus a chuireann deireadh leis na scéimeanna teanga mar tá teipthe orthu go léir, agus caighdeáin teanga a chur isteach ina n-ionad. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil an t-aitheantas ann go bhfuil gá é a dhéanamh go sciobtha. Chomh maith leis sin, ní hé an Bille nó reachtaíocht amháin atá ag teastáil uainn. Chonaiceamar é sin ó na ceannairí, ón Taoiseach agus ón Tánaiste.

Bhí sé sin suntasach. In am na géarchéime, chuaigh siad ar ais go dtí an Ghaeilge chun muinín agus dóchas a thabhairt do mhuintir na tíre agus baineadh úsáid as na frásaí ar nós: “Ní neart go cur le chéile”, “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”, “Ní mór dúinn seasamh gualainn ar ghualainn” srl. Bhí sé sin thar a bheith suimiúil dom mar in am an ghátar, chuaigh na ceannairí ar ais go dtí an Ghaeilge. Bheadh sé iontach dá mba rud é go raibh muid in ann a rá gur céim amháin atá anseo agus an chéad chéim eile atá ann ná dul ar aghaidh agus breathnú ar an nGaeilge mar chuid den réiteach ar na fadhbanna atá againne. Tá na fadhbanna tithíochta san áireamh ansin mar ní mór dúinn breathnú ar fhorbairt réigiúnach atá inbhuanaithe agus tagraím do na fadhbanna maidir le hathrú aeráide freisin.

Sa chomhthéacs seo, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do leabhar atá thar a bheith suimiúil, An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht. Tá sé i mBéarla agus i nGaeilge. Ba mhaith liom é a léamh ach níl an t-am agam. Cruthaíonn an leabhar gur í an Ghaeilge cuid den réiteach, seachas cuid den fhadhb. Déanann an t-údar tagairt do dhá réabhlóid:

Stiúrfadh an dá réabhlóid seo, réabhlóid an inbhánaithe agus réabhlóid an chónaithe, aitheantas ceart don teanga dhúchais, ach ní mar rud dúnta, seasc, seachantach ach mar eochar na fuascailte, doras an feasa agus gléas na fairsinge.

Ní mór do bhaill an Rialtais an leabhar a léamh, smaoineamh ar na coincheapa sin, breathnú ar an mBille arís agus é a dhéanamh cuí don fheidhm atá ag teastáil sa 21ú aois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.