Dáil debates

Wednesday, 3 March 2021

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

 

3:00 pm

Photo of Bríd SmithBríd Smith (Dublin South Central, People Before Profit Alliance) | Oireachtas source

Ag ócáidí mar seo is minic go mbíonn daoine ag labhairt faoin Ghaeilge ar nós nach bhfuil ann ach caitheamh aimsire, mar theanga nach labhraíonn muid ach ó am go ham, nó mar atáimid ag déanamh anois le linn Seachtain na Gaeilge. Is mian liom labhairt, áfach, faoi thábhacht na Gaeilge ó thaobh chultúr agus stair na tíre, mar a bhaineann sí leis an am atá le teacht agus faoin mbealach gur féidir linn an Ghaeilge a úsáid chun cur lenár saol agus leis an tuiscint atá againn orainn féin mar phobal.

Is le gach duine an Ghaeilge. Is cuma más cainteoir ó dhúchas duine, más cainteoir líofa iad nó más duine iad, cosúil liomsa, atá ag déanamh a ndícheall an teanga a fhoghlaim. Tá fáilte roimh na pobail nua atá ag teacht chun cónaí sa tír seo ár dteanga a fhoghlaim agus í a úsáid. Ba chóir dúinn cabhrú leis na pobail seo an teanga a fhoghlaim. Ní rud í an Ghaeilge a chothaíonn easaontas idir dhaoine nó pobail. Ní féidir le haon teanga maireachtáil mura bhfuil pobal láidir ann, pobal atá bródúil as an teanga agus atá sásta í a úsáid agus í a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Tá sé tábhachtach go mbeadh na seirbhísí atá ar fáil trí Bhéarla ar fáil trí Ghaeilge freisin. Ní éireoidh linn pobal láidir Gaeilge a chruthú má cheapann lucht labhartha na Gaeilge nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu.

Lárnach in aon phobal teanga tá an óige, agus tá seo fíor freisin maidir leis an bpobal Gaeilge. Tá tábhacht faoi leith leis an óige agus mura bhfuil pobal láidir óige againn ag labhairt na teanga, agus iad bródúil as an teanga, ní féidir linn aon dul chun cinn a dhéanamh. Tá pobal óige ag teastáil uainn atá bródúil as an nGaeilge agus bródúil as a gcumas an teanga a labhairt, ach ní tharlóidh sé sin trí thimpiste. Caithfear obair a dhéanamh chun é sin a bhaint amach, go háirithe i réimse an oideachais. Tá tábhacht faoi leith leis an gcóras oideachais chun cearta teanga an óige a chosaint, bíodh sé sin i lár na Gaeltachta nó anseo i lár Bhaile Átha Cliath. Tá sé de cheart ag gach duine óg sa tír seo an deis a bheith acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Is cuma cén chuid den tír ina bhfuil siad ina chónaí, cén cúlra atá acu nó cén cumas foghlamtha atá acu. Tá sé de cheart ag páistí oideachas a fháil i nGaeilge, cuma cén áit ina bhfuil siad ina gcónaí. Cuireann sé as dom féin go pearsanta nach bhfuil teacht ag páistí i mo cheantar i mBaile Formaid ar oideachas Ghaelscoile. Cén fáth nach bhfuil an ceart sin acu? Ba chóir freastal iomlán a dhéanamh ar spéiseanna dhaoine óga le cinntiú go bhfuil na seirbhísí agus deiseanna céanna acu i nGaeilge is atá acu i mBéarla. Caithfear díriú ar réimse spéise na daoine óga féin agus a chinntiú go bhfuil teacht go héasca acu ar an réimse spéise seo. Mar shampla, cén fáth nach bhfuil fáil go héasca ar sheirbhísí don óige ar nós Raidió Rí-Rá? Seo stáisiún raidió a chuireann cláir popcheol ar fáil do dhaoine óga, ach níl sé ar fáil ar an ngnáth-sheirbhís FM. Cén fáth?

Dúirt mé níos luaithe nach mbeidh muid in ann pobal láidir Gaeilge a chothú gan reachtaíocht nó gan maoiniú a chur ina threo. Tá sé seo fíor faoi gach gné de shaol na Gaeilge sa tír seo, ach go háirithe sa Ghaeltacht. Ní as an Ghaeltacht mé féin - tá sé sin soiléir - ach tuigim tábhacht na Gaeltachta don teanga agus don tír. Tuigim ó bheith ag plé leis na comharchumainn Ghaeltachta agus pobal na Gaeltachta, go mór mór ag na laethanta a eagraíonn Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells, go bhfuil gach ceantar Gaeltachta faoi bhrú. Deir mo chara an Teachta Connolly go minic go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht agus is bocht an scéal é go bhfuil titim i líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Tuigim go mbaineann fadhbanna pleanála tithíochta leis an ábhar seo freisin agus aontaím le Conradh na Gaeilge go bhfuil gá anois le polasaí pleanála tithíochta faoi leith don Ghaeltacht. Tuigim chomh maith nach mbeidh Gaeltacht ann mura bhfuil fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht agus nach mbeidh fostaíocht ar fáil gan maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta. Is gá an maoiniú breise sin a chur ar fáil anois. Thar aon rud eile, caithfear léiriú do phobal na Gaeltachta go bhfuil an Stát dáiríre faoin Ghaeltacht agus go bhfuil sé de cheart ag pobal na Gaeltachta maireachtáil ina gceantar féin leis na seirbhísí céanna is atá ar fáil i ngach cuid eile den tír.

Níl an Bille teanga atá os ár gcomhair láidir go leor. Caithfimid é a láidriú, mar atá molta ag Pobal Roimh Bhrabús leis na leasuithe atá curtha chun cinn againn. Go háirithe, ní mór don Bhille a chinntiú go mbeidh gach seirbhís Stáit á chur ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta. Mura bhfuil sé seo ann ní féidir linn labhairt le muintir na Gaeltachta faoi thábhacht na teanga. Tá seans againn leis an mBille teanga seo ráiteas láidir a dhéanamh faoi cá seasann an Stát i dtaobh na Gaeilge.

Ní leor go mbeimis ag cur tic sa bhosca leis an Acht teanga seo. Caithfimid cinntiú go mbeidh an Stát ag tabhairt cearta iomlána do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Arís, ní tharlóidh sé seo gan plean cinnte ná gan obair mhaith sa Dáil seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.