Dáil debates

Wednesday, 3 March 2021

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

 

2:50 pm

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an deis seo labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais.

Ó ceapadh mé mar Aire Stáit le dualgas don Ghaeltacht i lár na bliana seo caite agus in ainneoin na srianta a bhaineann leis an bpaindéim, táim tar éis iarracht a dhéanamh casadh leis an oiread eagraíochtaí agus pobail Gaeilge agus Gaeltachta agus is féidir. Cé go mb’éigean dom é a dhéanamh go fíorúil den chuid is mó, d’éirigh liom casadh le réimse leathan d’eagraíochtaí atá ag feidhmiú in airneáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tionóladh cruinnithe Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge go gairid tar éis mo cheapacháin agus, le linn cuairt a thug mé ar Ghaeltacht na Gaillimhe i Meán Fómhair, chas mé leis an gCoimisinéir Teanga, le bainistíocht sinsireach Údarás na Gaeltachta chomh maith le toscaireachtaí ó ghrúpaí Gaeltachta, Choláiste Chonnacht, Coláiste Lurgan, CLG Bearna agus CLG Bhaile Chláir na Gaillimhe san áireamh.

I mí Meán Fómhair chomh maith, chas mé leis an gcoiste comhairleach don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge roimh sheoladh an chéad tuairisc maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2020. I measc na n-eagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gcoiste seo tá Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta.

Díreach mí ó shin, thug mé cuireadh do gach oifigeach pleanála teanga agus oifigeach cúnta pleanála teanga atá fostaithe sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge chuig cruinniú liom nuair a pléadh réimse ábhar eadhon, forálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá faoi bhráid an Oireachtais faoi láthair, an phleanáil fhisiciúil sa Ghaeltacht, an t-oideachas Gaeltachta agus obair na bpleanálaithe teanga i gcoitinne. Ba chruinniú tábhachtach a bhí sa cheann sin domsa mar Aire Stáit na Gaeltachta mar go raibh an grúpa sin ionadaíoch do gach phobal Gaeltachta ar fud na tíre.

Tionóladh cruinniú ar leith leis an eagraíocht, Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar an lá céanna, eagraíocht atá maoinithe ag mo Roinn agus atá i mbun oibre le teaghlaigh Gaeltacht ar mhaithe le n-iad a spreagadh agus a chumasú chun an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile. Ó shin i leith, táim tar éis casadh le hionadaithe ó Ghlór na nGael agus ó Choistí na Hallaí Pobail i nGaeltacht Chonamara.

Caithfidh mé a rá gur thug an sraith cruinnithe seo léargas agus tuiscint cuimsitheach ar na saincheisteanna atá ag déanamh scime do lucht labhartha na Gaeilge agus do phobail Gaeltachta, nithe a chaithfear leanúint suas orthu le mo chomhghleacaithe sa Rialtas. Tá sé sin déanta agam cheana féin nuair a shocraigh mé cruinniú leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúl agus Oidhreachta, An Teachta Dara Ó Briain, maidir leis an bpleanáil fhisiciúil sa Ghaeltacht agus tá oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth anois lena gcomhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúl agus Oidhreachta ar mhaithe le dul i ngleic le fadhb leanúnach na pleanála Ghaeltachta.

Anuas air sin, i mí na Samhna seo caite, d’fhreastail mé ar chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, áit ar pléadh saincheisteanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda. Bhí lúchair orm gur éirigh liom féin agus leis an Aire, an Teachta Martin, allúntas méadaithe thar chuimse a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht de bharr na hidirbheartaíochta maidir leis na Meastacháin roimh dheireadh na bliana seo caite, rud a chuir ar ár gcumas allúntas méadaithe a chur ar fáil don chomhoibriú Thuaidh-Theas i mbliana.

Tá sárobair ar bun ag chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú, agus eagraíochtaí ag obair go dian dícheallach ó Thuaidh, ó dheas agus go hidirnáisiúnta chun an aidhm seo a bhaint amach.

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge trí scéimeanna éagsúla chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tugann tograí ar nós an scéim Gaelbhratach, atá dírithe ar scoileanna, araon le scéimeanna eile atá á gcur i bhfeidhm ag an bhForas tacaíocht d’úsáid na teanga sna meáin, sna hilmheáin agus sna healaíona.

Tá soláthair breise ar fáil chomh maith faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2021 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. I measc na ngníomhartha atá beartaithe do 2021, tá i gceist plean digiteach don Ghaeilge, comhfhiontar de chuid na Roinne, Cathair Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, a fhoilsiú go luath. Tugann an plean seo tacaíocht do réimse leathan tionscadal teicneolaíocht ar nós Abair.ie, Logainm.ieagus Dúchas.ie.

Tá réimse eile tionscadal digiteach agus teicneolaíocht á mhaoiniú faoi na scéimeanna seo agus a mbeidh obair leanúnach ag dul ar bun in 2021, mar shampla, clár TechSpace, clár gníomhach don aos óg i gcruthú ábhair dhigiteach agus theicneolaíochta atá á chur ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge agus clubanna óige ar fud na tíre; GaelTech, tionscadal de chuid an Ionad ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhfuil maoiniú ceadaithe dó chun clár taighde maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge a chur i gcrích sa tréimhse 2017-2021; agus Fáilte ar Líne, cúrsa céime sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na hÉireann atá forbartha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus atá ar fáil saor in aisce ar líne ar fud an domhain. Tuigtear dom go bhfuil na mílte daoine ar fud na cruinne ag glacadh páirte sa chlár foghlamtha seo. Tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d’Acadamh Ríoga na hÉireann chomh maith chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i dtoll a chéile.

Dé hAoine beag seo, beidh mé ag labhairt ag ócáid atá eagraithe ag Óstaí an Rí maidir leis na ndeiseanna fostaíochta atá ar fáil do dhlítheangeolaithe san Eoraip. Agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge faoi láthair, tá sé iontach go bhfuil deiseanna fostaíochta d’ ardchaighdeán mar seo, i gcroílár na hEorpa, ar fáil.

Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú. Tá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a chuaigh tríd an Oireachtas le tacaíocht tras-pháirtí, go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm.

In 2015, tógadh cinneadh deireadh a chur leis an maolú i leith úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais ag tús na bliana seo chugainn. Faoi láthair tá 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha agus tá an lá a chuirfear deireadh leis an maolú beagnach linn.

Ní san Aontas Eorpach amháin, dár ndóigh, atá an Ghaeilge le cloisteáil taobh amuigh d’oileán na hÉireann. Le roinnt mhaith blianta anuas, tá mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil do os cionn dhá scór ollscoil ar fud an domhain, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus ar fud na hEorpa ach go háirithe, chun an teanga a mhúineadh do scoláirí idirnáisiúnta agus chun iad a thabhairt ar chuairt go hÉirinn le cultúr na Gaeltachta a bhlaiseadh. Léiríonn an clár seo don phobal idirnáisiúnta gur teanga beo bríomhar í an Ghaeilge a bhfuil stádas ar leith aici ag leibhéil an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin. Ní gá a rá go gcruthaíonn sé dea-thoil i measc an phobail idirnáisiúnta don tír seo chomh maith.

Agus muid ag iarraidh tuiscint a bheith againn ar ár n-oidhreacht agus ar stair na tíre, feictear go bhfuil luach ar leith le h-eolas a bheith againn ar logainmneacha na tíre. Tá forbairt leanúnach á déanamh ar an suíomh logainm.ieag an mBrainse Logainmneacha, ar cuid de mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas, agus suim ar leith á léiriú ag pobal na tíre ar atá curtha ar fáil ar-líne go dtí seo.

Rinne an Coiste Logainmneacha timpeall naoi gcéad logainm i gContae Chiarraí a iniúchadh i rith 2020. Reáchtáladh trí chruinniú den choiste i gcaitheamh na bliana, cruinniú tionscantach agus dhá chruinniú oibre. Scrúdaigh agus shocraigh an Brainse Logainmneacha 300 logainm i gContae Chiarraí. Tosaíodh ar thaighde a dhéanamh logainmneacha dhá chontae nua, Contae Ros Comáin agus Contae na Mí. Ba mhaith liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a chur in iúl don Choiste Logainmneacha atá ag feidhmiú ar bhonn deonach ach a bhfuil obair den scoth ar bun acu.

Níor mhaith liom críochnú gan Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a lua. Gheall an Rialtas anuraidh go dtabharfadh muid Bille teanga níos láidre chun cinn agus tá muid ag déanamh sin leis na leasuithe atá muid ag cur chun cinn. Tá an plé ag dul ar aghaidh ag Céim an Choiste go fóill agus tá súil agam go mbeidh muid ag teacht ar ais ag Céim na Tuarascála le breis leasuithe a thabharfaidh Bille an-láidir dúinn. De bharr na paindéime, táthar ag dul chun cinn an-mhall ag plé le leasaithe Chéim an Choiste. B’é cruinniú an lae inné an seachtú ceann a bhí againn ó thosaigh muid agus níl fiú trian de na leasaithe pléite fós. Do Bhille chomh tábhachtach sin do phobal na Gaeilge, níl an luas ag a bhfuil an próiseas ag dul sásúil in aon chor. Tuigim go mb’fhéidir go mbeidh deis tuilleadh am a thabhairt do na coistí éagúla sa Teach ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh. Ba mhór an chabhair don phróiseas dá mbeadh an Cathaoirleach in ann tuilleadh am a fháil don choiste chun dlús a chur leis an bpróiseas.

Níl ansin ach blaiseadh d’obair mo Roinne chun an teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn. De bharr brú ama, beidh orm é a fhágáil ansin ach, sula gcríochnaím, ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís as an deis a thabhairt dom labhairt sa Dáil inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.