Dáil debates

Wednesday, 3 March 2021

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

 

2:40 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na ráitis seo faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht, ach céard is fiú na ráitis seo nuair nach gcloistear an Ghaeilge ach go fíor-annamh sa Seomra seo? Ní leor díreach cuimhne ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge ach ar feadh coicíse i rith na bliana. Caithfidh muid a bheith cúramach freisin nach gcuireann muid an iomarca béime ar shiombalachas na Gaeilge seachas ar na constaicí a bhíonn roimh lucht na Gaeilge, ach go háirithe rompu siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Céard atá i ndán don Ghaeltacht? Cén todhchaí atá acu siúd atá ag iarraidh a dteaghlaigh a thógáil sa Ghaeltacht? Ar cheann de na tosaíochtaí éagsúla a bhí agam mar Theachta Dála ón gcéad lá, theastaigh uaim aird a tharraingt ar an easpa infreastruchtúir cuí atá le fáil i ndeisceart agus in iarthar Chonamara chomh maith le ar Árainn, ar ceantracha Gaeltachta iad ar fad. Is éard atá i gceist agam ansin ná easpa bóithre sábháilte, easpa seirbhíse leathanbhanda, easpa cóireála fuíolluisce agus séarachais, easpa seirbhísí uisce leanúnacha agus easpa infheistíochta i gcúrsaí tionsclaíochta. Níl aon ghá go leor de na ceisteanna seo a phlé sa chuid eile den tír mar go bhfuil na seirbhísí sin ann cheana agus ní bheadh aon súil ag an bpobal go gcaillfidís iad.

Ach ní mar sin atá sé sa Ghaeltacht. Nuair a theastaíonn an infreastruchtúr cuí le truailliú a sheachaint sa Ghaeltacht, tá an Stát ar iarraidh. B’éigean do mo chomhghleacaithe, na Teachtaí Doherty agus Carthy, cás a thógáil chuig an gCoimisinéir Eorpach um Gníomhú ar son na hAeráide, mar shampla, chun iachall a chur ar an Stát córas cóireála fuíolluisce a thabhairt isteach do mhuintir Ghaoth Dobhair, rud éicint a bhí siad ag éileamh le blianta roimhe sin. Táthar á mheas go bhfuil oiread is 1,300 araid rothaí séarachais ag dul isteach i gCuan Chasla gach uile lá mar gheall ar easpa ionaid cóireála séarachais don Cheathrú Rua. Mar sin, is deacair gan glacadh le tuairimí an phobail sa Ghaeltacht go bhfuil siad ligthe i ndearmad nuair atá polasaithe á bplé.

Cén fáth, mar shampla, ar baineadh ó mhuintir na Gaeltachta an ceart a bhí acu a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta? Cinneadh frithdhaonlathach a bhí ansin agus tá a fhios againn gur beag athrú airgeadais a rinne sé fiú amháin. Dúirt Fianna Fáil go dtabharfadh sé ar ais na toghcháin phoiblí do bhord Údarás na Gaeltachta. Ansin fuair muid geallúint i bhfad ní ba laige ná sin i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr an údaráis ach céard atá déanta faoi? Tada. Cén fáth gur thóg sé míonna ar an Rialtas plean a aontú maidir leis na mná tí agus na coláistí samhraidh a bhí as póca de bharr srianta a bhain le Covid-19? Cén fáth nach bhfuil an infreastruchtúr cuí ag pobal na Gaeltachta cois cósta agus atá ag formhór mór eile den tír?

Ón taithí atá agam féin mar Theachta Dála le bliain anuas, feictear dom gur beag an tuiscint atá ag an Stát ar phobail Ghaeltachta, ar mheath na teanga sa Ghaeltacht, ná ar an gcaillteanas a bhaineann le meath na teanga sin. Deir an scríbhneoir aitheanta as Kenya, Ngũgĩ wa Thiong'o, go bhfuil teangacha cosúil le tiomántán crua nó hard drive, ina bhfuil seanchas, saíocht agus saineolas na mílte bliain cruinnithe agus má chailltear an teanga sin, cailleann sé an saibhreas intleachtúil sin ar fad.

Caithfidh an Stát plean cuimsitheach forbartha a aontú do na ceantair Ghaeltachta chun úsáid a bhaint as na hacmhainní nádúrtha atá acu ar bhonn inbhuanaithe le deiseanna fostaíochta fadtéarmacha a chruthú. Ciallaíonn sé sin tograí móra ar nós calafoirt domhainmhara i Ros a Mhíl na Gaillimhe; ciallaíonn sé tuilleadh deiseanna taighde cois chósta ar chúrsaí fiadhúlra agus mara; agus ciallaíonn sé turasóireacht éiceolaíoch. Ní bheifear in ann aon cheann de na tograí seo a fhorbairt cheal infreastruchtúir ceart. Ní bheidh comhlacht Stáit ná comhlacht príobháideach in ann lonnú i gceantar ar bith nach bhfuil na seirbhísí sin ann, nach bhfuil an cumas ag an gcóras cóireála fuíolluisce glacadh leo ná nach bhfuil na scoileanna, an leathanbhanda is uile mar iad sách maith dóibh.

Thar aon ní eile, is gá don Stát tosú ag dul chun cainte le muintir na Gaeltachta. Dá ndéanfaí é sin, gheobhadh sé amach sciobtha go leor go bhfuil na freagraí acu sin ar na ceisteanna seo ar fad. Níl ann ach go gcaithfidh an Stát athrú treo a ghlacadh agus tacú leo seachas a bheith i gcónaí ag teacht rompu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.