Dáil debates

Wednesday, 3 March 2021

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

 

2:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo ach ní mór dom a rá go bhfuil cás na Gaeilge agus na Gaeltachta thar a bheith leochaileach faoi láthair. Níl tuiscint cheart ag an Rialtas, ag cuid mhaith den Oireachtas agus ag a lán den phobal i gcoitinne ar cé chomh dona is atá cúrsaí. Níl an Rialtas seo, ná aon rialtas le déanaí, ag cuidiú le stop a chur leis an chúlú sin.

Níl an státchóras tugtha le seirbhísí Gaeilge a chuir ar fáil go huathoibríoch. Bíonn drogall orthu, nó déanann siad neamhaird go hiomlán ar chearta Gaeilgeoirí seirbhísí poiblí a fháil trí Ghaeilge, agus tuigeann siad nach mbeidh aon phionós orthu dá réir.

Díreach seachtain ó shin, foilsíodh plean mór millteach an Rialtais mar gheall ar an mbealach romhainn i leith Covid-19 agus bhí na treoirlínte uilig i mBéarla. Bhí orm gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga chun geallúint a fháil go mbeadh siad foilsithe as Gaeilge. Táim fós ag fanacht air sin, dála an scéil. Níl an cháipéis sin ar líne as Gaeilge go fóill, in ainneoin na gearáin. Is ar éigean go ndearna comhlachtaí sláinte phoiblí iarracht ar bith fógraíocht a dhéanamh, le breis is bliain anuas, maidir le Covid-19 sna meáin trí Ghaeilge. Is náiriú é sin ar an Rialtas seo agus a mheon i leith na Gaeilge. Tá teachtaireacht shoiléir á thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge gan a bheith ag brath ar aon rud atá práinneach a fháil trí Ghaeilge.

In áit a rá go bhfuil gach rud go hiontach ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir dúinn admháil go bhfuil a lán oibre le déanamh ag gach páirtí, Sinn Féin san áireamh, chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar is cóir. Tréaslaím leis an obair atá déanta ag Ógra Shinn Féin le déanaí, agus ag eagrais Gaeilge eile ar nós Conradh na Gaeilge, chun a léiriú conas gur féidir linn go léir an teanga a úsáid go héifeachtach ar na meáin shóisialta. Beidh Sinn Féin ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge trí chéimniú a dhéanamh ar na céadta baill den pháirtí a ghlac páirt i ranganna Gaeilge ar líne le linn na dianghlasála. Tréaslaím leo go léir agus go háirithe na múinteoirí deonacha i Sinn Féin, agus sna heagrais eile go léir ar nós Cumann Lúthchleas Gael, a d’eagraigh ranganna Gaeilge saor in aisce.

Seasann Sinn Féin freisin leis na hábhar-múinteoirí in oiliúint i gColáiste Hibernia agus tá súil agam nach gcuirfidh an Rialtas ualach €650 an duine orthu chun freastal ar chúrsa éigeantach ar líne sa bhaile in áit an ghnáthchúrsa sa Ghaeltacht a chosain €750. Tá siad ag streachailt cheana féin leis na srianta agus an easpa poist atá rompu. Ní mór dúinn tacaíocht a thabhairt do na hábhar-múinteoirí agus dóibh siúd go léir atá ag brath ar choláistí samhraidh, ar nós Coláiste Lurgan agus a leithéid, atá ag iarraidh an togra Lurgan 23 a bhaint amach.

Bíonn sé de nós againn a rá cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais ach i ndáiríre is annamh a chloistear an Ghaeilge in úsáid i ndíospóireachtaí sa Teach seo ar chor ar bith. Níl aon mhórathrú tagtha ar an scéal sin ó toghadh mé nó fiú roimhe sin. Tá obair mhór romhainn chun Tithe an Oireachtais a Ghaelú. Molaim an Ceann Comhairle as an iarracht atá ar siúl aige agus roinnt eile mórthimpeall orainn atá ag déanamh iarrachta tabhairt faoi seo, chun cinntiú go mbeidh pobal labhartha na Gaeilge ag féachaint orainn agus ar an eiseamláir atá in ainm is a bheith ag teacht ó Thithe an Oireachtais. Níl rudaí i gceart. Níl sé ceart go bhfeicim comharthaí as Béarla amháin, mar “private” in áit “príobháideach” agus a leithéid, nuair atáim ag siúl timpeall Tithe an Oireachtais. Fiú d’fhéadfadh muid an dá theanga a úsáid. Caithfimid tabhairt faoi sin go gasta.

Díreach roimh an Nollaig, ba léir domsa cé chomh dona is a bhí an cheist ó thaobh acmhainní a bheith curtha i dtreo ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus ó thaobh obair reachtaíochta de. Cuireadh an cruinniú a bhí chun tús a chur le déileáil le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ar athló toisc nach raibh an córas in ann déileáil leis na leasuithe. Níl mé ag caitheamh anuas orthu siúd atá ag obair in Oifig na mBillí nó Rannóg an Aistriúcháin nó aon áit eile ach ba léiriú domsa é cé chomh leochaileach is atá ceist na Gaeilge istigh sa chóras i dTithe an Oireachtais féin. Ba chóir go mbeadh muid in ann féachaint ar gach uile Acht a ritheadh i dTithe an Oireachtais ó bunaíodh an Stát as Gaeilge ach ní féidir linn é sin a dhéanamh, in ainneoin go bhfuil foráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla a deir go ndéanfar an téacs de gach Acht a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Níl sé sin ag tarlú. Tá Achtanna ann fós atá rite, roinnt acu le tamall maith de bhlianta, nach féidir a fháil as Gaeilge. Dá réir sin, ní féidir liomsa nó Teachtaí eile atá ag iarraidh ár n-obair reachtúil parlaiminte a dhéanamh trí Ghaeilge é sin a dhéanamh.

Níl mé chun caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ach amháin le rá go bhfuil sé lag agus leochaileach. Muna mbíonn athrú iomlán port ann ó thaobh an Aire agus an Rialtas de beimid fós ag fanacht ar an bhfís, ar an bhfuadar agus ar an reachtaíocht a dhéanfaidh beart de réir na briathra. Ní hé an Bille atá os ár gcomhair an Bille sin.

Agus muid ag tabhairt faoin streachailt chun cearta teanga a chur sa dlí ó Thuaidh, mar a luaigh an Teachta McDonald agus an coiste maidir le hAoine an Chéasta, tá sé díomách go bhfuil muintir na Gaeltachta sa Stát seo fós ag feitheamh ar sheirbhísí bunúsacha ón Stát seo trí Ghaeilge, rud a gealladh dóibh nuair a bunaíodh an Stát agus beagnach gach uile bhliain agus i ngach uile toghchán ó shin.

Bhuail mé le déanaí le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Luaigh siad dhá shampla dom atá an-tromchúiseach agus a léiríonn cé chomh dáiríre is atá an tionchar atá ag easpa Gaeilge i measc na seirbhísí ar shláinte agus ar cháilíocht maireachtála do dhaoine sa Ghaeltacht. Labhair siad liom faoi altra sláinte poiblí a tháinig, mar is gnách, chun tástálacha a dhéanamh ar leanbh agus é timpeall dhá bhliain d’aois. Tógadh an leanbh seo le Gaeilge i gceantar Gaeltachta, agus ba í Gaeilge an t-aon teanga a bhí aige ag an aois sin. Thaispeáin an t-altra pictiúir dó de chathaoir, agus d’fhreagair an leanbh gur “cathaoir” a bhí ann, ach cheartaigh an t-altra é, ag rá go raibh air an focal “chair” a lua mar go raibh siad ag fiosrú an raibh sé in ann an fhuaim “ch” a dhéanamh. Ós rud é nach raibh sé in ann é sin a rá, toisc go raibh sé ag rá “cathaoir”, d’fhág sí an bosca le haghaidh “ch” folamh ar an bhfoirm, agus mar thoradh air sin rinneadh cinneadh go raibh teiripe urlabhra agus teanga de dhíth ag an bpáiste, in ainneoin gur léir do gach duine nach raibh, mar bhí sé in ann caint agus gach uile fhuaim a dhéanamh.

Cás eile brónach a cuireadh in iúl dom ná seanfhear Gaeltachta ar a dtáinig galar Alzheimer agus é tagtha in aois. Tá a chuid Béarla dearmadta aige agus tá sé fillte ar an nGaeilge ach níl Gaeilge ag aon duine sa teach altranais ina bhfuil sé. Tá sé an-uaigneach leis féin, in ainneoin gurb í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta. Tá fadhb mór millteach ann.

Tá fadhbanna eile ann ó thaobh cúrsaí oideachais agus tá ceist mhór ann maidir le Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá an ghaelscolaíocht ansin i mbaol toisc nach bhfuil an tAire Oideachais atá againn anois sásta cloí leis an méid a mhol an Teachta McHugh nuair a bhí sé mar Aire.

Tá obair mhór romhainn. Tá sé go maith go mbíonn muid ag caint faoi cheisteanna Gaeilge ar a laghad uair sa bhliain le linn Seachtain na Gaeilge, ach tá i bhfad in Éirinn níos mó le déanamh, ní amháin ag mo choiste féin ach ag an Rialtas agus ag aon pháirtí atá ag iarraidh a bheith sa Rialtas amach anseo. Molaim do dhaoine tabhairt faoi na ceisteanna seo agus cur chuige ceart a bheith ann seachas a bheith ag moilleadóireacht mar atá déanta le blianta anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.