Dáil debates

Wednesday, 3 March 2021

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

 

2:10 pm

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí grá agam i gcónaí don seanfhocal “Is beatha teanga í a labhairt”. Is íomhá galánta é. Cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil an Ghaeilge beo mar theanga. Inniu, ba mhaith liom tacú leis na cainteoirí, na grúpaí agus na pobail ar fud na tíre atá ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom freisin tacú leo siúd ar fad atá ag troid do chearta teanga ar oileán na hÉireann. Déanaim comhghairdeas faoi leith le dream Dearg le Fearg as ucht an obair inspioráideach atá ar siúl aige ó Thuaidh agus iad ag troid ar son Acht na Gaeilge.

Ag cruinniú den Choiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta inné, dúirt ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge go gcaithfimid an reachtaíocht a bhaineann leis an nGaeilge ó Thuaidh a chur i bhfeidhm go práinneach. Aontaím go hiomlán leis. Tá sé an-dearfach go raibh tacaíocht ó gach páirtí a d'fhreastail ar an gcoiste do ghlao Chonradh na Gaeilge. D'aontaigh Rialtais na hÉireann, Rialtais na Breataine agus gach ceann de na cúig pháirtí ó Thuaidh aitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart. Ní mór dúinn go léir a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é sin. Cé gur Seachtain na Gaeilge é seo, ba chóir dúinn go léir é sin a dhéanamh arís. Chuirfinn fáilte roimh thacaíocht an Taoisigh don reachtaíocht sin.

Is linn go léir an teanga. Mar Rialtas agus mar cheannairí Stáit, caithfear smaointe agus pleananna móra, inspioráideacha agus uaillmhianacha a chur i gcrích. Caithfear an teanga a chosaint, a chothú agus a neartú. Bíonn lúcháir orm nuair a fheicim go bhfuil líon na nGaelscoileanna ag ardú. Caithfear tacú leis seo. Bíonn lúcháir orm nuair a fheicim líon na ndaoine atá ag freastal ar ranganna Gaeilge, ag freastal ar phop-up Gaeltachtaí ar fud na tíre agus ag glacadh páirte in imeachtaí Gaeilge. Fair play dóibh siúd ar fad atá ag eagrú na n-imeachtaí seo, ina measc Conradh na Gaeilge, cumainn Ghaeilge na n-ollscoileanna agus neart eile.

Ach tá níos mó tacaíochta ón Stát de dhíth. Tá an tacaíocht sin de dhíth ar phobal na Gaeltachta, ar na scoileanna, ar na grúpaí óige agus ar na pobail. Tá sí de dhíth ar na mná tí agus na fir thí, atá fágtha gan eolas acu ar na pleananna don samhradh seo mar gheall ar Covid-19, agus ar na seirbhísí eile sna Gaeltachtaí atá ar an ngannchuid mar gheall ar dhruidim na gcoláistí. Ach tá tacaíocht de dhíth freisin ar theaghlaigh na Gaeltachta agus orthu siúd atá ag déanamh iarrachta seirbhísí Stáit a úsáid trí mheán na Gaeilge agus nach bhfuil in ann sin a dhéanamh. Tá tacaíocht de dhíth ar na gnóthaí atá ag brath ar thacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus muid ag fanacht ar leasuithe a bhí geallta maidir leis an údarás. Gheall Fianna Fáil le linn an olltoghcháin go mbeadh leasuithe i ndán d’Údarás na Gaeltachta. Cá bhfuil na leasuithe sin?

Tá breis agus 180 leasú leagtha síos ag an Teachta Ó Snodaigh, thar ceann Shinn Féin, maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Impím ar an Rialtas tacú leis na leasuithe sin. Is leasuithe praiticiúla iad a bhfuil sé mar aidhm acu cearta mhuintir na Gaeltachta a neartú. Neartóidís cearta labhartha, cearta dlíthiúla agus cearta maidir le seirbhísí pobail. Tá siad tábhachtach agus uaillmhianach.

Caithfidh an Teach seo scrúdú a dhéanamh ar úsáid na teanga i dTithe an Oireachtais. Tugadh tús áite don teanga sa Bhunreacht mar phríomhtheanga na tíre ach tá bac curtha sa bhealach ag Teachtaí agus iad ag iarraidh í a úsáid. Cá bhfuil aistriúcháin na mBillí ar fad? Tá an fhoireann aistriúcháin ag obair go dícheallach ach caithfear níos mó áiseanna a chur isteach sa rannóg sin. An bhfuil seirbhísí tacaíochta do Theachtaí ar fáil trí mheán na Gaeilge? Cad faoi leasuithe reachtúla i nGaeilge? Cad iad na himpleachtaí don chóras dlíthiúil? Mar sin, is beatha teanga í a labhairt ach le beatha teanga a neartú, caithfear tacú léi chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.