Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim (Atógáil) - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage (Resumed)

 

4:25 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis an Aire Stáit. Chuala mé an méid a bhí le rá acu ní ba luaithe. Tá cúpla rud le rá agam le cur leis an méid a dúirt mo chomhghleacaithe, go háirithe an Teachta Ó Snodaigh. Ceann de na rudaí atá iontach deas ná go bhfuil Aire anseo agus muid ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ceann de na rudaí a bhí de dhíth i cónaí ná go mbeadh Aire ag an leibhéal Rialtais a bheadh ag plé leis na ceisteanna seo. Le blianta anuas ní raibh ann ach Aire Stáit, agus cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers.

Ceann de na rudaí nach bhfuil a fhios agamsa go fóill ná cé aige nó aici atá an chumhacht. Tá a fhios againn go n-aistrítear cumhachtaí ó Aire go Aire Stáit. An bhfuil sin déanta anseo? An bhfuil an chumhacht ag an Aire Stáit nó ag an Aire? An bhfuil an aistriú sin déanta, an bhfuil rún ann é sin a dhéanamh nó an bhfuil na cumhachtaí uilig ag an Aire? Is maith go mbeadh eolas againn air sin. Is maith an rud é freisin go bhfuil níos mó daoine ann le cuidiú leis sin agus ag cur béim ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá go leor ráite nach bhfuil mé ag iarraidh dul siar air arís ach caithfidh mé a rá go gcuirim fáilte roimh an díospóireacht atá anseo ó thaobh an Bille de. Tá sé go deas go bhfuil go leor Gaeilge le cloisteáil againn san Seomra inniu agus caithfimid cur leis sin amach anseo gan dabht. Léiríonn an díospóireacht seo go bhfuil go leor Teachtaí in achan pháirtí atá ábalta a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil an Teachta Ó Snodaigh ag iarraidh le blianta fada a chur chun tosaigh go mbeadh díospóireachtaí anseo i nGaeilge, go háirithe le linn Seachtain na Gaeilge. Ar an drochuair, rinneadh iarracht maith ar sin ag an tús ach ansin le cúpla bliain anuas tá sé éirí níos measa. Ba chóir dúinn níos mó a dhéanamh mar Dáil agus ceann de na coimitmintí a thug mé féin do dhaoine i nGaeltacht Thír Chonaill ná go ndéanfainn iarracht níos mó úsáid a bhaint as an nGaeilge agus mé i mbun mo chuid oibre anseo sa Teach seo.

Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil an Bille seo fíor-thábhachtach. Chuala mé an Teachta Ó Cuív ag caint ar an am nuair a foilsíodh an Bille go raibh caint ann go raibh sé ró-láidir go raibh iarrachtaí ar bun cúlú a dhéanamh ar an Bhille. Tá a fhios agam, ó thaobh Sinn Féin de, nach sin an dearcadh a bhí againne. Ón chéad dul síos, bhí muid ag iarraidh i bhfad níos mó cearta agus níos mó iarracht a bheith ann sa Bhille oifigiúil. Bhí an Teachta Ó Snodaigh ag plé na ceisteanna sin go luath agus ag rá go gcaithfear an Bille seo a láidriú.

Táimid ag fanacht i bhfad ró-fhada leis an Bhille seo. Is deas an rud é go bhfuil sé againn ach léiríonn an moill sin an easpa tábhachta a bhí ag baint leis an Bhille seo ó thaobh leibhéal Rialtas de le tamall maith anuas. Tá sé luaite ó a bhí 2011 ann go raibh leasuithe de dhíth. Tá sé trí bliana anois ó a bhí na ceannteidil againn. Níl a fhios agam an bhfuil Bille ar bith eile thart ar an Dáil a bhfuil muid ag fanacht an oiread ama sin fáchoinne. Tá sé againn agus is é sin an jab atá againn ná an Bille chomh láidir agus is féidir a bheith againn.

Mar duine a tógadh agus atá i mo chónaí i nGaoth Dobhair, tuigim an tábhacht atá ag baint le tacaíocht reachtúil a bheith ansin ó thaobh cearta na Gaeilge a láidriú agus an teanga labhartha a neartú. Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil cinneadh le déanamh ag achan duine agus ag an phobal an Ghaeilge a úsáid. Tá cinneadh le déanamh fosta ag leibhéal reachtúil ó thaobh na tacaíochtaí agus na cosaintí a chur i bhfeidhm ó thaobh na teanga de. Sin an obair a táimid i mbun inniu.

Tuigimid uilig na deacrachtaí atá sa Ghaeltacht. Tá an easpa infheistíochta, an imirce agus an laghdú atá tagtha ar deiseanna i gceantair Ghaeltachta le blianta anuas pléite anseo arís inniu agus le blianta fada. Tá mé féin ag déanamh réidh don cháinaisnéis Dé Máirt agus tá a fhios againn go bhfuil pacáiste de €12 billiún le caitheamh ag an Rialtas. Sin €12 billiún sa bhreis le caitheamh ag an Rialtas. Sin an pacáiste atá sé ag caint air fáchoinne 2021. Sin €12 billiún agus beidh le feiceáil cé mhéad milliún de sin a rachaidh isteach ó thaobh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht de. Má táimid dáiríre ó thaobh achan rud atá le cloisteáil againn sa Teach seo agus má táimid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge mar theanga náisiúnta a labhraítear ní hamháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht, caithfidh muid an infheistíocht a dhéanamh fosta. Tá sé ceart agus cóir go bhfuil cosaintí reachtúla agus spriocanna agus a leithéid ann ach caithfear an infheistíocht a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta agus sa Ghaeilge. Tá Conradh na Gaeilge ag tarraingt le chéile na grúpaí Gaeltachta agus Gaeilge ar fud na tíre le blianta fada anuas agus tá sé ag déanamh éileamh ar an Rialtas bliain i ndiaidh bliana ó thaobh an infheistíocht atá de dhíth. Ar an drochuair, nuair a thagann an cáinaisnéis, ní fheicimid an infheistíocht sin. Le cuidiú Dé, b'fhéidir gur seo an bhliain inar féidir linn sin a dhéanamh.

Tá deacrachtaí faoi leith ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus táimid ag feiceáil sin. Tá staidéar i ndiaidh staidéar foilsithe agus léiríonn siad cé chomh dona agus cé chomh deacair agus atá na fadhbanna. Tá dóchas agam agus ag Sinn Féin nach bhfuil deireadh tagtha le saol na Gaeltachta agus go bhfuil athbheochan agus ré úr i ndán don Ghaeltacht. Caithfear an ré úr seo an tacaíocht ceart a bheith aici ón Stát. Caithfear cuspóirí soiléire a bheith leagtha amach sa reachtaíocht seo. Caithfear plean dearfach a bheith curtha i gcrích leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Sin an príomhrud. Caithfear plean a bheith ann fosta agus caithfear an plean sin a chur i gcrích.

Cím i mo cheantar go bhfuil teaghlaigh ag bogadh ar ais, giota ar ghiota isteach san áit arís. Tá siad ag iarraidh a gclanna a thógáil le Gaeilge ach ní bhíonn na seirbhísí Stáit ábalta tacú leo chomh maith agus go mba chóir dóibh. Níl sin maith go leor agus caithfimid aghaidh a thabhairt ar an fhadhb sin. Chonaic mé i mbliana go raibh turasóirí ag teacht chuig Ghaeltacht Thír Chonaill, chuig na Dúnaibh agus chuig cheantair ar nós Gleann Cholm Cille agus a leithéid. Caithfidh an Stát maoiniú agus pleananna cinnte a chur i bhfeidhm le húsáid na teanga a chur chun cinn sna ceantair sin. Bhí na turasóirí seo ag teacht ar mhaithe leis an Ghaeilge agus ar mhaithe leis an chultúr, chomh maith leis an áilleacht atá againn sa cheantar sin. Mar shampla, caidé an plean atá ann chun déanamh cinnte de go bhfuil na heagrais phobail sna Gaeltachtaí uilig ag cumarsáid agus ag obair le chéile? Sin ceann de na rudaí go gcaithfimid aghaidh a thabhairt air. Caidé an plean atá ann ó thaobh sin? Tá go leor eagrais ag déanamh obair ar ndóigh. Níl dabht ar bith fadúda sin.

Rinneadh sárobair leis na hoifigigh phleanála teanga ach an bhfuil plean ann? An bhfuil córas ceart ann le déanamh cinnte go bhfuil siad ag obair le chéile agus ag iarraidh na spriocanna céanna a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta? Tacaím le reachtaíocht láidir agus soiléir a bhfuil fís aici chun saol na Gaeilge agus todhchaí na Gaeltachta a chinntiú. Sin an fáth a bhfuilim ag tacú leis na leasuithe atá luaite ag mo chomhghleacaí, Teachta Ó Snodaigh, agus an chuid eile.

Tá fadhbanna ansin agus tá siad luaite. Is maith an rud go bhfuil spriocdháta ann ach tá sé gan maith ar bith spriocdháta a chur i reachtaíocht agus ansin cumhacht a thabhairt don Aire é sin a chur siar. Is ionann é sin agus a rá ag tús an phlean nach síltear go n-oibreoidh é. Caithfidh an sprioc a bheith i bhfad níos mó ná 20% a bhaint amach. Caithfimid féachaint ar cad a tharlóidh ina dhiaidh sin. Cad é an chéad chéim eile - 30%, 40% nó 50%? Caithfimid dul i bhfad níos faide.

Labhair an Teachta Ó Cuív ar chosaint na Gaeltachta agus aontaím leis ach, ag deireadh an lae, más sin an t-aon rud atá á dhéanamh, tiocfaidh creimeadh ar an nGaeltacht. Ní féidir a bheith ag cosaint an t-am ar fad; caithfimid dul amach ag ionsaí agus níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge. Ag caint le daoine sa Ghaeltacht agus le daoine atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge, is léir go bhfuil íomhá nó smaoineamh acu go bhfuil siad i gcónaí ag iarraidh cosaint a dhéanamh ar ionsaithe atá á ndéanamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Táim ag caint ar chúrsaí pleanála agus ar déanamh cinnte go mbeidh coinníollacha pleanála i bhfeidhm. Is tábhachtach go mbíonn a leithéid de sin i bhfeidhm ach arís is cosaint é nuair a dhéantar cinnte go bhfuil an Ghaeilge ag 80% de lucht cónaithe eastát tithíochta agus go bhfuil siad in ann a n-obair a dhéanamh agus a teaghlaigh a thógáil i nGaeilge.

Caithfimid amharc ar an taobh eile de. Cén cineál tacaíochtaí breise a bhfuil muid chun tabhairt do dhaoine atá ag iarraidh cónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht í féin? Nílim ag caint faoi chosaint a dhéanamh ar dhaoine le Béarla atá ag teacht isteach. Ceann de na deacrachtaí móra atá ag daoine atá tógtha le Gaeilge sna Gaeltachtaí, toisc gur ceantair iargúlta iad den chuid is mó, ná nach bhfuil aon rud i bpleananna forbartha ná infheistíochta na gcontaetha ó thaobh tús áite a thabhairt do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu chun iad a bheith ábalta cónaí a bheith orthu ina gceantair féin agus cur le tobar na Gaeilge.

Luaigh mé rud sa dhíospóireacht dheiridh. Tá a fhios agam go raibh muid ag plé leis an Aire Stáit agus feidhmeannaigh na Roinne. Bhain sé leis na tacaíochtaí do ghrúpaí agus, go háirithe, don aos óg. Caithfimid cinntiú go bhfuil an teanga ag an aos óg agus go dtógann siad a gcuid clanna le Gaeilge nuair atá siad níos sine. Mar pháirt de sin, caithfimid earnáil a bheith againn ina bhfuil an t-aos óg ábalta am a chaitheadh i dóigh ina bhfuil an Ghaeilge thart orthu.

Is ceann de na rudaí atáimid ag iarraidh i gceantar Ghaoth Dobhair ná ionad buail-isteach don aos óg. Bhíomar ag comhoibriú leis an Aire Stáit a bhí ann cheana ina leith sin. Bhí cruinniú aige liom féin agus leis an iarTheachta, Pat the Cope Gallagher, anseo i dTeach Laighean. Dúradh linn go mbeadh plean ann chun ionad óige nua a thógáil i gceantar Ghaoth Dobhair agus go raibh plean ann na milliúin euro a chaitheamh i gceantar Ghaoth Dobhair, ní hamháin ar ionad óige ach ar neart rud eile fosta. Bhí téarmaí tagartha ann do thuarascáil agus bhíomar páirteach leis sin. Rinne an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta iad. Bhí Údarás na Gaeltachta i láthair. Ceapadh comhairleoir agus bhí moltóir ann. Bhí níos mó eolais de dhíth agus a leithéid de sin. Tá sé déanta anois leis na míonna agus níl a fhios ag an ngrúpa óige ina bhfuil mé páirteach, agus níl a fhios ag na daoine eile atá ag feidhmiú go deonach, cad atá sa tuairisc sin.

Bíonn iarTheachta Gallagher ag caint leis an Aire Stáit agus mar sin beidh a fhios aige go bhfuil sé fíorthábhachtach go gcomhoibreodh an Rialtas agus an Stát le grúpaí sa Ghaeltacht atá ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh. Tá sé fíorthábhachtach go mbíonn teagmháil, comhráite agus meas eatarthu. Tá an t-am caite anois. Ba chóir go n-inseodh an Stát dúinn cad atá sa tuairisc sin. An bhfuil plean ann anois le hionad óige nua a thógáil i gceantar Ghaoth Dobhair? Moladh é sin sa staidéar cuimsitheach a rinneadh i nGaoth Dobhair níos mó ná deich mbliana ó shin. Tá sé ráite ag an aos óg féin gur sin an rud atá de dhíth orthu. Moladh é sa phlean a rinne coiste oireachtais. Tá sé molta i bplean Údarás na Gaeltachta agus ag óige na Gaeltachta go mbeadh ionad buail-isteach ansin. Tá sé mar pháirt den phlean 20-bliain don Ghaeilge. Tá sé ráite gur chóir go mbeadh ionad óige sa cheantar sin. Tá an staidéar déanta, tá an t-airgead caite, tá comhairleoir ceaptha, tá an tuairisc scríofa agus os comhair an Aire Stáit, ach níor inis éinne cad atá istigh ann ná an bhfuil fadhbanna ann. Ag deireadh an lae, níl muid, mar ghrúpa pobal, agus na grúpaí deonacha atá mar pháirt den togra seo ag iarraidh ach an rud is fearr do dhaoine óige agus do dhéagóirí sa dóigh is go dtig leo am a chaitheamh in earnáil ina bhfuil an Ghaeilge timpeall orthu. Cuideoidh sé sin leis an nGaeilge agus leis an aos óg. Ba mhaith liom é sin a rá. Tá a fhios agam go bhfuil teagmháil á déanamh leis an Roinn. Molaim sin ach caithfimid a fheiceáil cad iad na moltaí atá ann sa phlean sin.

Is é an rud deireanach a luafaidh mé ná cúrsaí na n-oileán, go háirithe cúrsaí ar Thoraigh. Tá fadhb mhór maidir le Toraigh. Bhí seo pléite sa Dáil cúpla bliain ó shin. Bhí muintir Thoraí taobh amuigh de na geataí mar gheall ar fhadhbanna iompair isteach agus amach go dtí an t-oileán. Mar pháirt den réiteach, moladh go mbeidh bád gasta ansin. Rinne an Roinn é sin a chur amach chuig tender ach, ar an drochuair, tá cás cúirte ag dul ar aghaidh mar gheall air sin agus tá fadhb anois ag an Roinn an conradh sin a bhronnadh. Mar gheall air sin, níl bád gasta anois ag dul isteach agus amach go Toraigh. Tá fadhbanna millteanacha ansin agus muid ag tabhairt aghaidh ar an ngeimhreadh. Caithfimid dóigh a fháil thart air seo. Tá a fhios agam go bhfuil cás cúirte air sin ar siúl agus ní féidir baint a bheith againn leis sinn. Déanfaidh na breithiúna cinneadh ar an gceist sin amach anseo. Tá a fhios agam go bhfuil an t-airgead ann agus go bhfuil an Roinn sásta an conradh sin a bhronnadh ar cibé duine a bhainfidh an tender amach ach tá fadhb fós ann. Tá sé ag dul ar aghaidh leis na blianta. Táim ag dul isteach ag an ngeimhreadh agus níl bád gasta ann. Ní hamháin é sin, ach níl an t-ingearán a théann amach go dtí an t-oileán ábalta an tseirbhís chéanna a chur ar fáil de réir na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm. Caithfimid a bheith ag smaoineamh taobh amuigh den bhosca ó thaobh an dóigh inar féidir linn tacaíocht a thabhairt do phobal Gaeltachta atá seacht míle amach ó chósta Dhún na nGall agus nach bhfuil seirbhís bháid farantóireachta gasta acu agus ba chóir. Tá súil agam go mbeidh an tAire agus an tAire Stáit ábalta a gcloigne a chur le chéile. Táim ar fáil. Ní féidir liom labhairt ar son na dTeachtaí eile ó Dhún na nGall ach ceapaim go mbeidh siad ar fáil freisin. Caithfimid réiteach a fháil air seo. Ní fadhb í seo a chruthaigh an Rialtas ná an Freasúra ach tá fadhb ann agus, ag deireadh an lae, caithfimid réiteach a fháil uirthi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.