Dáil debates

Thursday, 8 October 2020

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim (Atógáil) - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage (Resumed)

 

4:05 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire agus leis an Aire Stáit. Is deas an rud é, tar éis naoi mbliana de bhearna, go bhfuil Aire sinsearach Gaeltachta ann, go bhfuil Gaeilge aici agus go bhfuil spéis aici sa Ghaeilge. Is mór an dul chun cinn é sin. Bhí sé sin leagtha síos sa straitéis 20 Bliain.

Tá an-áthas orm faoin méid daoine a labhair sa Dáil inniu, Teachtaí Dála ó chuile thaobh den Teach. Bhí páirtí mór amháin ar an taobh seo den Teach nach raibh aon chainteoir acu, ach labhair go leor Teachtaí i mBéarla agus i nGaeilge. Ceann de na heasnaimh a bhí ann in 2002 nuair a phléadh an chéad Acht ná nár ghlac na daoine gan Ghaeilge mórán páirt sa Bhille.

Rud eile a chuireann fíor-áthas orm ná go bhfuil chuile duine a labhair inniu i bhfabhar Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Má bhraitheann muid siar go dtí 2011, an rud a bhí i gceist an t-am sin ná gur cheart é a lagú mar gur chosnaigh sé an iomarca airgid. Buíochas le Dia, ar a laghad ar bith, tá na polaiteoirí tagtha ar mhalairt intinne faoi sin agus is dul chun cinn é sin.

Ar ndóigh, in 2003 tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ann don chéad uair. Is aisteach a rá, tar éis tagairt sonrach sa Bhunreacht in 1937 go bhféadfaí forálacha a dhéanamh de réir dlí maidir le cúrsaí teanga, nach ndearnadh é sin riamh go dtí 2003. An bliain dár gcionn, bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga. An bunús a bhí leis an oifig sin ná go mbeadh dream nó duine ann a bhféadfadh cearta a chosaint le nach mbeadh ar shaoránaigh dul chun cúirte le cearta Gaeilge a bhaint amach. Sa bhliain 2020 táimid deich mbliana trí straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Cúis aiféala nach gcuireadh an plean sin i bhfeidhm – bhí rudaí beaga agus rinneadh rudaí áirithe, mar shampla, an polasaí oideachas Ghaeltachta, ach is beag a rinneadh. Ní hé gur theip ar an straitéis, níor trialladh an straitéis, níor cuireadh é i bhfeidhm. Bhí sé i gceist gur straitéis Rialtais a bhí ann a mbeadh baint ag an bpobal leis ach a mbeadh tiomanta ag an Rialtas trí chéile, ní díreach ag an Aire amháin.

Cinnte, níor baineadh an oiread leas as Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a d’fhéadfaí. Bhí laige áirithe le leagann amach na scéimeanna, níl aon amhras faoi sin, ach d’fheadfaí níos mó leas a bhaint as. Bhí caint ag an Roinn go leagadh muid síos na heagraíochta a raibh dualgas níos mó orthu i ngach plean níos mó a dhéanamh. Chomh maith leis sin, mar shampla, tugadh isteach na hionstraimí reachtúla maidir le comharthaíocht. Bhíomar ag réiteach ionstraim reachtúla maidir le fógraíocht. An t-aon cheist a bhí á phlé ag an am ná an é go mbeadh rogha ag an bhfógróir Stáit, mar shampla, fógra a chur in The Irish Timesagus ceann eile a chur i bpáipéar Gaeilge comhionann leis chun na rialacha a chomhlíonadh nó dá mbeadh fógra i mBéarla an leor ceann i nGaeilge a chur ar TG4. Bhí buntáiste leis an cur chuige sin, mar chuireadh sé airgead breise fógraíochta i dtreo na foilsitheoirí agus lucht craolacháin na Gaeilge. Beidh sé sin le plé againn arís nuair a bheidh an Bille ag dul tríd na Dála.

Níl aon amhras faoi, ní hé gur theip ar an Acht ach níor cuireadh i bhfeidhm é. Le naoi mbliana, bhí Rialtais ann nach raibh an oiread sin spéis acu sa rud nó sa cheist.

Ba mhaith liom béim a chur ar rud. Tá an-chaint anseo ar an nGaeltacht inniu, agus tá tábhacht leis an nGaeltacht. Ní aon amhras faoi sin agus tá mé féin i mo chónaí sa Ghaeltacht cé gur rugadh agus tógadh mé i gCathair Bhaile Átha Cliath. Fuair mé mo chuid oideachas ar fad trí Bhéarla. Ach ní mhairfidh an Ghaeltacht muna bhfuil an Ghaeilge láidir ar fud na tíre. Níl aon dream níos fearr a thuigeann é sin ná lucht na Gaeltachta. Ní reservation, mar a deir siad i Meirceá, atá ann. Is gnáth Éireannaigh iad. Tagann go leor de phobal na Gaeltachta chun cónaí sna chathracha. Mar sin, agus muid ag freastal ar phobal na Gaeilge, caithfimid é a dhéanamh chuile áit a bhfuil éileamh ann. Ceann de na rudaí is spéisiúla ná an staidéar síceolaíochta a rinne an tAthair Mícheál Mac Gréil. Bhí sé in ann a chruthú gurb é an cheantair is mó agus an pobal is mó bá leis an nGaeilge ná an pobal meánaicmeach i mBaile Átha Cliath. Le gairid, mar shampla, nuair a bhuaigh Cuala craobh iomána Bhaile Átha Cliath, ní don chéad uair, is i nGaeilge a labhair an captaen agus Gaeilge breá den scoth aige. Ní haon eisceacht é i measc clubanna Bhaile Átha Cliath agus imreoirí sinsearacha Bhaile Átha Cliath. Mar sin, caithfimid a thuiscint go gcaithfimid seirbhísí leithne a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Rud amháin a gcaithfimid a fhoghlaim maidir le reachtaíocht ná ní athraíonn reachtaíocht an saol. Is gléas í leis an saol a athrú ach inti féin, ní athraíonn sí an saol. Caithfear obair dian a dhéanamh plean cuimsitheach a bheith ann le spriocanna na reachtaíochta a bhaint amach.

Briseadh sé do chroí an cur in aghaidh a bhí ag codanna den chóras Stáit sa tír don Acht teanga deireadh. Ní féidir a rá nár tugadh isteach ionstraim reachtúil láidir maidir le comharthaíocht a dúirt go gcaitheadh comharthaí a bheith dátheangach. Shílfeá go raibh sé sin thar a bheith simplí. Chuir me tweet amach tamaillín ó shin de chomhartha a dúirt: “FOOTPATH ENDS IN 40M” agus scríofa os a cionn i nGaeilge bhí “As Gaeilge 40m”. Tá a fhios ag chuile dhuine sa Ghaeltacht agus chuile dhuine a thriail riamh ar glaoch ar Chomhairle Contae an Gaillimhe nó ar aon cheann eile de na heagrais, agus teachtaireacht ar an bhfón á rá “Má tá tú ag iarraidh seirbhís a fháil trí Ghaeilge brú uimh. 1 nó trí Bhéarla brú uimh. 2”. Nuair a bhrútar ar uimh. 1, deirtear nach bhfuil duine le Gaeilge ann faoi láthair ach teachtaireacht a fhágaint agus go dtiocfaidh duine ar ais chugat am éicint, uair éicint, lá éicint. An chéad uair eile, brúnn an duine ar uimh. 2 agus faightear an tseirbhís trí Bhéarla. Ní hionann é sin agus seirbhís.

Chonaic mé cheann breá le gairid. Cuireadh foirmeacha ar fud na Gaeltachta chuig feirmeoirí. Daonáireamh na mbeithíoch a bhí ann. Bhí an fhoirm ar fad i mBéarla. Bhí comhartha beag sa chúinne á rá má theastaíonn leagan Gaeilge, fios a chur ar an dream.

Líon muid an foirm Bhéarla isteach i nGaeilge mar ní raibh muid le rá leis an bhfeirmeoir go gcaithfeadh sé a theacht ag an gclinic an dara huair chun an fhoirm a líonadh. Is an briseadh croí den rud ar fad nach féidir an fhoirm a chur amach go dátheangach agus an gnó a dhéanamh.

Tá sprioc uaillmhianach sa Bhille maidir le 20% d’earcaíocht na Státseirbhíse a bheith bainte amach do Ghaeilgeoirí faoin bhliain 2030. Beidh daoine ag rá nach bhfuil a dhóthain ansin, nach bhfuil sé sách sciobtha agus mar sin de, ach sí fírinne an tsaoil ná go gcaithfidh muid go leor oibre a chur isteach ón lá amárach amach ag cinntiú go mbeidh na daoine ann le hearcú. Caithfidh an córas oideachais, an córas ollscolaíochta agus an córas tríú leibhéil a bheith faoi réir agus caithfear infheistíocht ollmhór a dhéanamh le go mbeidh daoine inniúil ar an nGaeilge ann le cur isteach ar na poist seo. Is féidir an sprioc sin a scríobh san Acht ach ní tharlóidh sé agus déarfaidh an tAire faoi cheann ocht mbliana nach bhfuil na daoine ann. Mar sin, ní leor an tAcht. Caithfidh an gníomh a theacht leis an Acht.

Ba mhaith liom cúpla eile a luaigh. Is maith liom an leagan amach atá sa Bhille seo agus tá go leor rudaí fiúntacha ann. Leagtar bunchearta síos san Acht agus cuirtear leo. Cheana féin tá buncheart ann maidir le comhfhreagras ach anois beidh rialacha ann agus beidh na bunchearta ar nós comhfhreagras san Acht féin. Beidh rialacháin, fo-orduithe agus pleananna ann freisin. Tá súil agam go bhfágfar na pleananna ann. Ní fheicim cúis ar bith iad a bhaint as mar feicim ról dóibh. Pléifidh mé an cheist sin tuilleadh leis an Aire agus an Aire Stáit ar Chéim an Choiste. Is maith liom go mbeifear in ann fo-ordú a dhéanamh ar rudaí. Is cumhacht thar a bheith tábhachtach é sin. Is cumhacht nua é, a fhorbraíonn go maith an rud atá ann agus tacaím leis sin.

Tá foráil sa Bhille a deir gur féidir le duine a ainm agus a sheoladh a úsáid i nGaeilge. Tá sé thar ama go mbeadh an ceart sin ag daoine. Níl aon rud níos seafóidí ná ag scríobh d’ainm i mBéarla. Rinne mise cúpla uair é ar shuíomh Aer Lingus. Scríobh mé isteach “Éamon Ó Cuív” agus nuair a chuaigh mé go dtí an deireadh agus bhrúigh mé an cnaipe, tháinig an rud ar ais ag rá nach féidir glacadh le m’ainm. Ansin is gá tosú arís agus d’ainm a chur isteach gan na síntí fada. Is maith an rud é go bhfuiltear ag díriú ar seo.

Tá caint ann freisin faoi theidil. Cuireann sé múisín orm go pearsanta nuair a fhaighim foirm agus deir sé Mr., Mrs. nó Miss. Táim tar éis staidéar a dhéanamh ar mo theastas breithe agus níl aon Mr., Mrs nó Miss air. An t-ainm atá ormsa ná Éamon Ó Cuív agus cé go bhfuil teideal orm mar Theachta sa Teach seo níor bhronn aon duine aon teideal orm. Is rud mínádúrtha sa Ghaeilge é. Ní théann muintir na Gaeltachta thart ag rá “an tUasal seo” agus “an tUasal siúd” mura bhfuil siad ag scigmhagadh faoi dhuine. Nach é Éamon Ó Cuív atá orm agus nach Aengus Ó Snodaigh atá ar an Teachta Ó Snodaigh? Is rud ó na Gaill é sin a tháinig isteach, le daoine ag ceapadh go raibh siad tábhachtach agus ag cur teidil orthu féin. Ba cheart go mbeadh an rogha ag an bpobal nuair atá siad ag líonadh isteach foirmeacha agus an ceart dlíthiúil a bheith acu gan teideal a úsáid. Tá cuid acu níos fearr ná cuid eile. Áine Uí Chuív atá ar mo bhean agus is giorrúchán é “Uí Chuív” de “Áine, Bean Uí Chuív”, sé sin, léiríonn sé gurb í mo bheansa í, mar is Ní Choincheannain a bhí uirthi sular phós sí. Ansin, ar an bhfoirm, cuireann sí “Mrs. Áine Uí Chuív” agus tá an rud ráite faoi dhó. Is seafóid é. Tá súil agam nuair a thagann muid ag an mBille seo, go mbeidh sé de cheart reachtúil ag daoine gan teideal a chur síos ar aon fhoirm mura bhfuil teideal acu. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil teidil ann, dubh, bán nó riabhach. B’fhéidir gur rud Eorpach é nó rud éigin ach ní rud Éireannach é. Tá níos mó seans go dtabharfaí Micil Thomas Shéamuis ort sa Ghaeltacht ná go dtabharfaidís teideal ort. B’fhéidir go ndéarfaidh daoine gur rud beag é ach breathnaíonn sé seafóideach má chuireann duine a n-ainm síos i nGaeilge. Maidir leis an rud a tháinig isteach de dhaoine ag úsáid “an tUasal Éamon Ó Cuív”, is muintir Chonradh na Gaeilge a chumadh é sin ag tús an chéad, ag déanamh aithris ar nósanna na nGall. Níl aon chiall leis ar chor ar bith.

Tá áthas orm go bhfuil an Rialtas ag díriú isteach ar cheist Coimisiún na Logainmneacha. Ní raibh mé riamh in ann a thuiscint cén fáth gur cuireadh deireadh le Coimisiún na Logainmneacha nuair nach raibh aon sábháil ann agus ní raibh an choimisiúin ag fáil aon íocaíocht. Bhí daoine le saineolas den scoth ag cur comhairle ar fáil don Stát saor in aisce. D’oibrigh sé go hiontach thar na blianta. Tá a fhios agam ar a laghad go bhfuiltear ag díriú ar an laincis dlí a cothaíodh ar mhaithe le dada.

Luaigh mé na bealaí atá ag lucht riaracháin cloí leis an dlí ach gan é a chomhlíonadh. Ceann de na samplaí is fearr ná pleanáil sa Ghaeltacht. San Acht Pleanála, caithfear suntas a thabhairt do chúrsaí teanga le linn pleanála sa Ghaeltacht. Mura ndéantar é sin, báfar na Gaeltachtaí, go mór mór iad siúd atá gar do chathracha móra, ar nós na Forbacha, an Spidéal agus Indreabhán, le scéimeanna tithíochta. Tá an-dochar déanta i mBearna agus Maigh Cuilinn. Tá cleas ag na comhairlí contae. Tá an rud céanna ar bun i gContae na Mí. Bhreathnaigh mise ar chead pleanála a tugadh i Ráth Chairn agus ar pháipéar breathnaíonn sé thar cionn, le 80% de na tithe coinnithe do Ghaeilgeoirí. Má éiríonn leo 80% Gaeilgeoirí a chur isteach ann beidh sé thar cionn, le daoine ag labhairt na Gaeilge gach chuile lá. Tá a fhios ag chuile dhuine sa Ghaeltacht go n-éireoidh le duine i dteist na Gaeilge sna comhairlí contae má tá an trí fhocal Gaeilge féin aige nó aici. Níl ann ach mugadh magadh. Ar an mbealach sin, tá an Ghaeltacht á scrios ag comhairlí contae agus na húdaráis phleanála ar fud na tíre. Caithfimid díriú ar an gceist seo agus cinntiú sa Bhille seo nó i mBille ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Má tá coinníoll Gaeilge ag baint le cead pleanála, caithfidh daoine atá ag cur isteach ar chead pleanála nó ag comhlíonadh an coinníoll, in eastát tithíochta mar shampla, caighdeán Gaeilge neamhspleách a bheith cruite acu, atá sách ard go bhféadfaidís a ngnó laethúil a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is í an Ghaeltacht atáimid ag iarraidh a chothú agus bhí go leor cainte anseo inniu faoin Ghaeltacht, tacaíocht don Ghaeltacht agus é seo agus í siúd a dhéanamh don Ghaeltacht. Tá an Ghaeltacht bheag agus leochaileach. Caithfimid an rud is bunúsaí a chosaint, sé sin, gan an pobal a bháigh, mar a tharlaigh i Ráth Chairn, an Spidéal agus mar sin de. Níl an oiread sin brú sa bhealach seo ar na Gaeltachtaí atá i bhfad amach, ach mura gcosnóimid iad ó bheith báite le slua mór daoine gan Gaeilge ar bith ag teacht isteach, agus iad in ainm is a bheith ag cloí le riail pleanála, beidh deireadh lenár n-iarrachtaí ar fad an Ghaeltacht a chosaint agus beifear ag caoineadh faoi céard a tharlaigh don Ghaeltacht.

Tá brú ar an nGaeltacht ach ar bhealaí eile, ní raibh stádas nó céim níos airde riamh ag an teanga i measc an phobail.

Má bhreathnaímid siar 120 bliain, b'iad an mionlach a bhí ag tacú leis an nGaeilge ach tá go leor le déanamh agus ní cheart misneach a chailleadh. Caithfimid í a fheiceáil mar theanga náisiúnta, ní teanga pobal amháin tar éis comh tábhachtach agus atá an Ghaeltacht. Is mar thobar na Gaeilge atá sí tábhachtach. Chomh maith leis sin, is díol suntais gur fhás líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht idir an bhliain 2006 agus 2011. Ba i ndiaidh 2011, nuair a d'athraigh polasaí an Rialtais, a thit sé arís. Tá súil agam faoin Rialtas seo go bhfeicfimid fás uair amháin eile ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Fuair mé físeán de bheirt gasúir atá sé bliain as an Astráil inniu. Dráma beag a bhí ann a bhí curtha ar fáil do thuismitheoirí i nGaeilge. Mar labhairt an Ghaeilge le gasúr, is cuma cén áit ar domhan a labhraíonn duine í leo, tabharfaidh siad í leo gan stró. An rud go gcaithfear a dhéanamh le gasúir ná an Ghaeilge a chur ina mbealach. Súfaidh siad suas í agus ansin beidh sí acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.