Dáil debates
Wednesday, 30 September 2020
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:50 pm
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Admhaím go bhfuil an-chuid gheallúintí tugtha maidir leis an mBille seo. Is é an tuiscint atá agam ná go mbeidh leasuithe don Bhille ag teacht os comhair an Rialtais an tseachtain seo chugainn. Mar is eol don Teachta, ba mhaith leis an Rialtas an Bille a threisiú. Le cúnamh Dé, beimid in ann an Bille a fhoilsiú agus a thabhairt os comhair na Dála laistigh de choicís.
No comments