Dáil debates
Wednesday, 30 September 2020
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:50 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Baineann mo cheist le Bille na dteangacha oifigiúla. Mar is eol don Taoiseach, tá an iliomad geallúintí sollúnta faighte agam sa Dáil seo agus sa Dáil dheireanach maidir leis an mBille seo. Cá bhfuil sé? Tá sé thar a bheith tábhachtach. An geallúint shollúnta dheireanach a fuaireamar ná go mbeidh sé ní hamháin foilsithe ach achtaithe roimh an Nollaig. Ag an bpointe seo, bheinn sásta a fháil amach cén dáta a bhfoilseofar an Bille.
No comments