Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

11:50 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Beidh orm teacht ar ais chuige lena lán de na freagraí. Tá a fhios agam go bhfuil daoine buartha faoi sheirbhísí ar na hoileáin ach táimid soiléir go mbeidh muid ag obair leis an Roinn nua agus go mbeidh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Tá sé sin an-tábhachtach dúinn, go háirithe, mar a dúirt an Teachta féin, toisc go bhfuil formhór na n-oileán ina n-oileáin Ghaeltachta. Beidh muid ag obair air sin. Bhí comhrá agam le hoifigigh mo Roinne féin faoi sin inné.

Bhí comhrá againn leis an Teachta faoi chúrsaí ar Inis Oírr. Bhí comhrá agam le hoifigigh na Roinne inné. Tá rudaí ar siúl maidir leis an gcé. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta leis an scéal ar fad. Tiocfaidh mé ar ais maidir le hInis Meáin. Níl eolas agam faoi sin.

Tuigim go raibh dul chun cinn faoin straitéis mall ar dtús agus tá an obair ag teacht le chéile anois. Tá pleananna teanga foilsithe agus tá daoine ag baint úsáid astu. Tá obair le déanamh agam ach tá rudaí ag teacht le chéile. Tuigim go gcaithfimid an straitéis a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn níos fearr.

Tá sé sa chlár Rialtais go mbeidh athbhreithniú ar chúrsaí an údaráis. Beidh an cheist faoi thoghcháin dhíreacha go dtí bord an údaráis páirt den athbhreithniú sin. Ceapaim féin go bhfuil sé tábhachtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.