Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

11:50 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, creidim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do na healaíona agus go leanfar leis seo. Phléigh muid cheana, sa Dáil agus sa choiste um Covid, cé chomh tábhachtach is atá sé go dtabharfaí tacaíocht dóibh siúd a chuireann imeachtaí móra poiblí ar fáil. Beidh siad ag teastáil arís nuair a shocraíonn rudaí síos agus ba thragóid é dá ligfí leis na healaíona i lár na géarchéime seo.

Tá ceisteanna sonracha gur mhaith liom a chur faoin nGaeilge, faoin nGaeltacht agus faoi na hoileáin. Bhí iontas orm nuair a roinneadh cúram na n-oileán agus cúram na Gaeltachta sa mhéid is go bhfuil formhór dhaonra na n-oileán ina gcónaí ar oileáin Ghaeltachta. Táim ag caint faoi Chléire ó dheas, na hOileáin Árann, Árainn Mhór, Inis Bigil agus Toraigh le gan ach cuid acu a lua. Tá siad ar fad sa Ghaeltacht agus daonra mór orthu. An bhféadfadh an tAire a shoiléiriú cén cúraimí a bhaineann leis na hoileáin Ghaeltachta a bhfanfaidh lena Roinn agus cén cúraimí a aistreofar go dtí an Roinn nua ar a mbeidh freagracht as coimirce shóisialta, forbairt tuaithe agus oileáin? An bhféadfaí deimhniú a thabhairt go mbeidh na seirbhísí a aistreofar ar fáil trí Ghaeilge sa Roinn nua? Ó 1997 go dtí lá inniu, bhí an rud ar fad lonnaithe sna Forbacha agus bhí gach seirbhís ar fáil i dteanga an phobail, is é sin i mBéarla i gcás oileán taobh amuigh den Ghaeltacht agus i nGaeilge i gcás oileán taobh istigh den Ghaeltacht.

Chomh maith leis sin, ba mhaith liom dhá cheist shonrach a chur ar an Aire Stáit. An bhfuil sé tiomanta brú ar aghaidh láithreach le forbairt na céibhe in Inis Oírr? Marófar duine éigin lá éigin, tá sé chomh contúirteach sin. Briseann na maidhmeanna ar chúl na céibhe thar an gcéibh agus scuabfar duine éigin isteach sa bhfarraige mura mbeidh muid cúramach. Bhí cead pleanála don chéibh sin sa mbliain 2008. Bhí sé le tosú nuair a bheidh an chéibh ar Inis Mór tógtha. Seo 12 bliain ó shin agus níl sé bogtha ar aghaidh cé go raibh an cead pleanála ann i gcónaí. Tá sé in am an chéibh sin a dhéanamh. Tá gá le forbairt bhreise a dhéanamh ar céibh Inis Meáin freisin. Cé a bheidh freagrach as na céibheanna seo? An bhfuil sé i gceist dul ar aghaidh leis seo le dlús agus le teannas? Tá mórchuid airgid caipitil ag teastáil sa nGaeltacht agus ar na hoileáin.

Maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, foilsíodh é i mí na Nollag, 2010. Sin beagnach deich mbliana ó shin. Ní féidir a rá go ndearnadh mórán leis an bpolasaí sin a chur chun cinn seachas polasaí oideachais Gaeltachta a fhoilsiú. Go deimhin féin, bunaithe ar an daonáireamh, is siar a bhí rudaí ag dul faoin dá Rialtas deiridh, tar éis go raibh rudaí ag dul ar aghaidh go breá go dtí 2011. De réir an daonáirimh, bhí méadú ar líon na nGaeilgeoirí laethúla, líon na ndaoine a raibh Gaeilge acu, agus ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla taobh istigh den Ghaeltacht. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seo an maoiniú a chur ar fáil leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a réitigh an Rialtas seachas aon dream taobh amuigh agus a d'aontaigh an Rialtas i 2010, a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go huile? Ní fiú leathdhéanamh a dhéanamh air seo má táimid leis an nGaeilge a láidriú agus a threisiú mar theanga labhartha sa bhaile i dtithe ar fud na tíre taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

An bhfuil muid chun treisiú an maoiniú d'Fhoras na Gaeilge? Arís tá gach rud stoptha le deich mbliana anuas agus níl aon dul chun cinn déanta.

Beidh sin mo cheist dheireanach chun go mbeidh am chun freagra a thabhairt dom ar chuid de na ceisteanna. An bhfuil sé i gceist bord tofa daonlathach a chur ar Údarás na Gaeltachta? Níl an socrú atá ann ceart ar chor ar bith mar is iad na comhairleoirí a roghnaíonn na baill. Níl ceangal dá laghad ag formhór na comhairleoirí atá ag déanamh an roghnú sin leis an nGaeltacht agus níl siad ag déanamh aon ionadaíocht uirthi. Tá a fhios ag an Aire Stáit é sin i Maigh Eo agus tá a fhios agam é sin i nGaillimh. D'oibrigh an socrú a bhí ann roimhe seo go maith. Bhí na hionadaithe tofa ag an bpobal féin. Mhol mé Bille ag pointe amháin agus foilsíodh Bille mar é. Mhol sé nach dtiocfaidh ar ais bord chomh mór leis an gceann a bhí ann cheana, cé gur oibrigh an bord sin i bhfad níos fearr ná na boird ó shin, ach a thabharfadh guth do chuile Ghaeltacht sa tír ar bord an údaráis fós féin agus a chinnteodh gurb iad muintir na Gaeltachta a bheadh i mbun a bhforbairt féin. Sin an bunéileamh a bhí ann nuair a bunaíodh an t-údarás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.