Dáil debates

Thursday, 9 July 2020

Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

 

11:20 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas mór leis an Aire Stáit. Tugann sé sin beagáinín dóchais dom go mbeidh sibh ag coinneáil súil ghéar ar an bpróiseas. Cuirfidh mé an rud seo i gcomhthéacs. Tá méadú suntasach tagtha ar an daonra ar oileáin na hAlban de bharr go bhfuil reachtaíocht agus polasaí acu. Níl siad ag obair i bhfolús sa chaoi go bhfuil na hoileáin anseo agus tá an-tábhacht ag baint leis seo. Tá a fhios agam gur chuir Covid-19 isteach ar an bpróiseas ach bhí cruinnithe i gceist agus tá súil agam go bhfuil rud foghlamtha agaibhse go dtí seo agus go bhfuil treoracha ann faoin gcaoi nó faoin mbealach a bheidh an córas cumarsáide ag dul ar aghaidh as seo amach agus go mbeidh dáta againn.

Maidir le cúrsaí ealaíne, tá a fhios agam go bhfuil airgead breise curtha ar fáil agus fáiltím roimhe sin. Maidir le Gaillimh 2020 agus cúrsaí ealaíne, de réir mar a thuigim tá droch-chaoi ar cúrsaí caiteachais agus airgid ann agus níl siad in ann airgead a íoc don earnáil ealaíne. An bhfuil an tAire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom faoin uair a bheidh airgead breise ar fáil don chóras áitiúil?

Chomh maith leis sin maidir le Gaillimh 2020 féin, an bhféadfadh an tAire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom maidir leis? Fuair an tionscadal seo réidh le foireann agus chuir sé díomá orm go raibh an t-oifigeach Gaeilge ina measc siúd. Cheap mise gurbh í an duine ba thábhachtaí, go háirithe agus muid ag caint faoi chathair dhátheangach atá ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. An féidir leis an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt don ar an dá phointe sin, lena thoil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.