Dáil debates
Thursday, 9 July 2020
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
11:20 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bhí an Roinn ag iarraidh comhairliúchán poiblí a dhéanamh le haghaidh mhuintir na n-oileán agus bhí sé sin ar siúl roimh Covid-19. Cé go bhfuil an fhreagracht seo ag dul go dtí Roinn dhifriúil beimid ag coimeád súil ghéar ar cad atá ag tarlú ann mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá sé do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta faoin moill agus faoi dháta ina mbeimid in ann é a fhoilsiú.
No comments