Dáil debates

Wednesday, 18 December 2019

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:05 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht os ár gcomhair chomh tapaidh agus is féidir tar éis fhoilsiú an Bhille. Is é sin an fháilte is mó a bhfaighidh sé uaim maidir leis an mBille seo. Táimid ag tnúth leis le tamall fada. I slí amháin, is maith an rud é go bhfuil sé ann mar thugann sé deis dúinn díriú isteach ar an gceist tábhachtach seo. Mar a dúirt mé, bhíomar ag fanacht ar an Aire Stáit agus na hAirí a bhí ann roimhe an Bille seo a réiteach. Bhí siad ag gor ar an mBille seo le hocht mbliana ar a laghad. An toradh atá air sin ná go bhfuil praiseach ann, in ainneoin chuidiú, chomhairle agus chur chuige an Fhreasúra. Is trua sin toisc go raibh deis againn. B'fhéidir go bhfuil deis againn fós. Chuala mé an tAire Stáit ag rá go bhfuil sé sásta éisteacht a thabhairt dúinn. Cheap muid go ndearna sé é sin roimhe nuair a foilsíodh na ceannteidil. Cheap pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcoitinne go raibh éisteacht tugtha ach níl sé ann go fóill. Beidh deis againn ag Céim an Choiste agus ag an Tuarascáil Bille i bhfad níos foirfe a dhéanamh de a bheidh tionchar ceart maith aige i leith na teanga seachas Bille a dhéanfaidh aimhleas ar an nGaeilge.

Is féidir an Bille seo a bheith ina chéim ar gcúl dá n-achtófaí é mar atá sé faoi láthair. Muna bhfuil ach fís ann seachas sprioc, ní fiú tráithnín é. Tá an Stát beagnach 100 bliain ar an bhfód agus ba shin an scéal i gcónaí. Deirtear go bhfuil bá ag an Rialtas don Ghaeilge agus go bhfuil sí á cur chun cinn. Ní leor sin. Níor éirigh le haon duine a tógadh le Gaeilge, lasmuigh ná laistigh den Ghaeltacht, seirbhísí iomlán an Stáit, seachas bunseirbhísí, a fháil trí Ghaeilge riamh. Níor éirigh leo toisc nach raibh aon bhata ann. Ní raibh aon bhrú ceart ar an Stát ná ar an státchóras an Ghaeilge a chur chun cinn mar ba chóir. Ba chóir go mbeimis i bhfad níos mó chun tosaigh ag an staid seo ná mar atá. Tá tíortha eile timpeall an domhain atá tar éis a dteangacha dúchasacha a athbheochan agus a shlánú. Tá siad i mbarr a réime sna tíortha sin. Thóg na tíortha sin céimeanna nach bhfuil tógtha ina n-iomlán sa tír seo.

Nílim ag caitheamh anuas ar an Aire Stáit. Tá níos mó déanta aige ná mar atá déanta ag Airí eile. Tá dul chun cinn déanta. Má chuirfear na hathruithe atá molta i leith an chórais oideachais i bhfeidhm ina n-iomlán, céim chun tosaigh a mbeidh ann. Ba chóir go mbeadh mic léinn agus iad siúd atá ag obair sa státchóras in ann an fón a fhreagairt i nGaeilge tar éis 14 bliain de scolaíocht. Tá sé tubaisteach go bhfuil an scéal anois níos measa ná mar a bhí sé 50 bliain ó shin. Tá daoine ann nach bhfuil focal Gaeilge ar bith acu. Is tubaiste é sin. Is léir nach bhfuil an cur chuige againn. Nílim ag cur an mhilleáin ar an Rialtas amháin ach is é atá i gceannas ar an Stát seo agus is aige atá na pinginí agus an chumhacht dlíthe a chur i bhfeidhm a mbeadh tionchar acu ar Ghaeilge agus ar Ghaeilgeoirí na tíre.

Thar na blianta, nuair a lorg daoine go mbeadh fíneálacha nó pionóis ann d'eagraíochtaí nach raibh ag comhlíonadh cearta Gaeilge, dúradh nár bhealach ceart é an cur chuige sin. Dúradh go mbeadh rudaí ceart go leor ó thaobh na Gaeilge. Tá an meon céanna le feiceáil sa Bhille seo. Thar na coicíse deireanaí ach go háirithe, léigh mé agus chuala mé go raibh fadhbanna ag an Aire Stáit cur ina luí ar na hAirí agus Ranna go leagfaí síos sprioc 20% d'fhoireann a bheith líofa sa Ghaeilge agus go mbeadh 2030 ina sprioc do gach uile Ranna Stáit é sin a bhaint amach. Tuigim cad a bhí curtha ina choinne agus an meon atá ann sa státchóras mar is é an meon ceannann céanna é agus a bhí ann i gcónaí. Tá an státchóras agus an Státseirbhís, seachas daoine aonair féin, coimeádach. Déantar iarracht an córas é féin a chosaint agus bíonn eagla ann nuair a thagann athrú chun tosaigh. Níl sé radacach 20% a lorg. Ní chóir dearmad a dhéanamh air sin; ní rud radacach é. Bheadh sé dá ndéarfainn go mbeadh Gaeilge ag 100% de státseirbhísigh roimh 2030, fiú gur chóir go mbeadh tar éis 100 bliain. Táimse réalaíoch go leor chun a thuiscint go dtarlaíonn rudaí mar sin diaidh ar ndiaidh agus cuibhseach mall, go háirithe nuair atáthar ag caint faoi dhaoine ag leibhéil dhifriúla thar beagnach 50 bliain. Níl aon spriocdháta leagtha síos. Ní deirtear go mbeadh 20% ann faoi 2030, 30% faoi 2035, agus mar sin de ar aghaidh. Luaitear 20%. B'fhéidir go dtarlódh míorúilt agus go ndéanfadh an státchóras an 20% sin a aimsiú go huathoibríoch faoi am éigin a roghnóidh an coiste comhairleach atá le bunú.

Go bhfios dom, bhí sé i gcónaí d'fhís ag an Stát go mbeadh an Stát dátheangach. Níl sé agus ní raibh ó bunaíodh é. Bhí sé i bhfad níos fearr i dtréimhsí difriúla ach ó thosaigh mé ar scoil agus ó thosaigh mé ag labhairt na Gaeilge den chéad uair ag bliain d'aois, bhí sé deacair orm mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge gan cur as dom féin. Caithfidh mé seirbhísí a lorg, seasamh amach, nó fanacht beagáinín breise d'am. Tá sé seo sa Bhille. Tá iarracht déanta sa Bhille díriú isteach air sin. Is é sin atá á rá agam; is féidir é sin a athrú.

Bíonn fadhbanna ann le foirmeacha. Sa lá atá inniu ann, bíonn ríomhairí i gceist maidir le soláthar foirmeacha, fóin a fhreagairt, agus rudaí mar sin. Dá bhrí sin, níl leithscéal ar bith ann. Bhí sé i bhfad níos deacra 30 nó 50 bliain ó shin gach uile fhoirm, ar nós iarratais ar phas, a chur ar fáil i nGaeilge. Anois tá sé deacair go leor teacht ar fhoirm ar bith i stáisiún Garda ach is féidir iad a fháil ar líne. Ba chóir go mbeifear in ann cnaipe a bhrú agus gach uile fhoirm Stáit a fháil trí i nGaeilge ná i mBéarla. Níl leithscéal ar bith ann.

Níl leithscéal ar bith as ainmneacha gach uile chomhlacht Stáit gan a bheith as Gaeilge ón tús. Ba chóir go craobhscaoiltear iad i nGaeilge seachas teideal Béarla a úsáid. Táim ag déanamh na hargóinte sin ó toghadh mé. Gach uile uair a bhunaítear comhlacht nua Stáit ag rialtas, tugtar ainm Béarla air agus ceann sa Ghaeilge tar éis sin. Ba chóir go n-ainmneofaí i nGaeilge iad ar dtús agus go dtabharfaí leagan Béarla air tar éis sin nó go bhfágfaí amach leagan Béarla. Ní dhéanann sé aon difríocht. Má thagann comhlacht ón tSeapáin nó ón gCóiré, is cuma sa tsioc leo cén ainm atá ar eagraíocht. Úsáidtear an teideal atá ann. Foghlaimíonn daoine conas é a fhuaimniú mura bhfuil an teanga acu. Tuigeann daoine ón Stát Aontaithe nó ón gCóiré Aer Arann agus Aer Lingus. Ní lorgaíonn siad go n-aistrítear go teanga difriúil an t-ainm. Ní chóir go mbeadh muid ag glacadh leis go gcasann an státchóras agus an pobal i gcoitinne ar an leagan Béarla i gcónaí. Chuir sé sin múisc orm thar na blianta.

Beidh a lán moltaí le déanamh agam. An fhadhb atá le leasuithe a chur isteach ná go dtógann sé am déileáil leo. Mhol mé go bhfoilseofaí an Bille agus go rithfí tríd na Tithe é chomh tapaidh agus is féidir. Níl mé ag iarraidh moill a chur air seo. Má tá an tAire Stáit sásta glacadh le moltaí agus leasuithe ag Céim an Choiste, déanfaimid iarracht é seo a achtú faoi dheifir roimh thoghchán. Más rud é nach bhfuil an tAire Stáit chun glacadh le leasuithe chun an Bille seo a láidriú, ní fiú tráithnín é seo agus ba chóir dúinn díriú ar bhealach éigin eile. Tá súil agam go n-éireoidh linn leis an mBille seo agus go mbeadh fiacla aige nuair a thagann sé amach ag deireadh an chórais.

Nuair a deirim fiacla, is pionóis atá i gceist agam. Chuala mé míniú a tugadh faoi cén fáth nach bhfuil fiacla ná spriocdhátaí sa Bhille. Dúradh nach dtarlaíonn é sin. Tarlaíonn sé i mbealaí eile. Bhí sé an-éasca fiacla a thabhairt do reachtaíocht mar gheall ar iarrthóirí toghcháin. Faoin dlí, mura bhfuil 30% d'iarrthóirí toghcháin de pháirtí éigin ina mná, gearrtar airgead ón bpáirtí sin. Is féidir é sin a dhéanamh. Is féidir a lán rudaí mar sin a dhéanamh má tá an toil ann. Nílim ag caint faoi thoil an Aire Stáit ach faoi thoil an státchórais. Go minic deirtear linn nach féidir linn rud éigin a dhéanamh. Dúradh linn nár féidir ring-fencing a dhéanamh ar cháin éigin ach tá sé léirithe agam thar na blianta go bhfuil sé ag tarlú gach uile bhliain. Tá fíneáil mór á gearradh ar Éirinn toisc nach bhfuil muid ag cloí lenár spriocanna ó thaobh na haeráide de. Dá n-insítear don Roinn Cosanta go dtógfar leath an airgid a fhaigheann sí uaithi mura bhfuil Gaeilge líofa ag 20% dá cuid foirne agus mura bhfuil an pobal in ann a ghnó a dhéanamh léi trí Ghaeilge roimh 2030, bheadh athrú mór meoin ag an Roinn sin thar oíche. Bheadh an rud céanna i gceist le haon Roinn nó eagraíocht Stáit. Caithfear díriú isteach air sin. Mura ndéanann muid é sin agus má ritear an Bille sin, beidh muid i bponc. Beidh gach duine ag rá gur tarrtháil na Gaeilge é seo ach ní tharlóidh faic. Cuirfear an milleán ar an gcoiste comhairleach.

Cén fáth gur gá dúinn coiste comhairleach a bhunú? Dá mba rud é go mbeadh pionóis agus spriocdhátaí ann, ní bheadh aon ghá le duine ná le heagraíocht. B'fhéidir gur féidir le Roinn an Aire Stáit féin déileáil leis. Más gá duine a chur i bhfeighil air sin, tá an Coimisinéir Teanga ann cheana féin. Ba chóir an jab sin a thabhairt dó agus ba chóir go mbeadh cumhacht aige fíneálacha a ghearradh, deontais a ísliú, nó pé pionóis eile a chur i bhfeidhm.

Is cearta atá á lorg againn. Táimid ag lorg ár gcearta mar Ghaeilgeoirí agus mar dhaoine a úsáideann an teanga dúchais chun déileáil leis an státchórais ó bhun go barr agus ó thus deireadh. Ba cheart go mbeinn in ann seasamh anseo agus mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ach ní féidir liom, fiú san áit seo. Táim tar éis an argóint sin a dhéanamh. Is féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge maidir leis an mBille seo toisc gur foilsíodh é i nGaeilge. Tá rud spéisiúil faoin gcás seo; b'fhéidir an Bille a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla agus an meabhrán a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla freisin. Dúradh liom nár féidir é seo a dhéanamh le haon Bhille eile. Cén fáth gur féidir é a dhéanamh sa chás seo? Is féidir má tá an cur chuige ceart á thógáil. Ní féidir liom mo ghnó reachtúil a dhéanamh san áit seo go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Is féidir liom labhairt i nGaeilge gan fadhb ar bith. Tá aistritheoirí an-mhaith sa Teach. Tá jab iontach déanta acu thar na blianta. Is athrú meoin atá ag teastáil. In 2011, nuair a bhí Teachta Burton sa Roinn, thug sí gealltanas dom go mbeadh na meabhráin reachtaíochta ar fad ar fáil go dátheangach. Níl ceann ar bith foilsithe go dátheangach ó shin seachas an ceann seo. Is rud simplí é sin mar ní rud dleathach an meabhrán. Ní gá ach aistritheoir a fháil. Tá obair i gceist mar tá téarmaíocht casta ann. Bheadh sé sin ina áis dúinn. Tuigim an argóint maidir leis an reachtaíocht féin a bheith as Gaeilge agus as Béarla. Is léiriú é sin d'easpa cur chuige sa Stát.

Tá costas i gceist. Tá daoine cosúil le Ivan Yates ag ionsaí Gaeilgeoirí as ár gcearta a lorg. Is é sin an dream céanna a bhíonn ag caitheamh anuas ar Shinn Féin as Acht teanga a lorg sna Sé Chontae. Tá brón orm ach is cearta atá i gceist. Má tá ceart i gceist, níl rogha ann. Déantar é. Is é sin an difríocht. Is é an fhadhb atá ann anois ná go bhfuil Gaeilgeoirí agus lucht na Gaeltachta tinn tuirseach ó bheith ag éileamh na gcearta sin agus seirbhísí trí Ghaeilge. Stopann siad. Tá Béarla acu. Casann siad air sin mar tá sé níos éasca orthu. Ní gá dóibh stró a chur orthu féin. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin i gceist agus go bhfuil muid ag triail bogadh sa treo sin. Ní chóir go mbeadh stró ar dhuine, pé teanga a bhfuil siad ag baint úsáid as. Tá sé sin i gceist.

Léigh mé an fhoráil faoin ndualgas a bhaineann le foirmeacha. Is cuimhin liom gur labhair mé faoin séimhiú agus faoi sheoltaí a bheith i gceart cheana féin. Ní raibh leithscéal ar bith ag aon chomhlacht, an státchóras ina measc, maidir leis sin ó tharla an ríomhaire i gcionn. Tugadh an leithscéal i gcónaí dúinn nár féidir é sin a dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh gach aon áit eile ar domhan; is féidir é a dhéanamh anseo. Níl ach cnaipe le brú. Tá sé an-éasca. B'fhéidir gur gá do dhuine dhá chnaipe a bhrú ag an am céanna. Tá sé sin ró-dheacair do roinnt daoine. Is scannal é sin agus is masla é don Ghaeilge mar theanga dúchais nach bhfuil muid in ann an Ghaeilge a úsáid i gceart. Tá brí iomlán difriúil lena lán focal-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.