Dáil debates

Wednesday, 18 December 2019

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

9:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, fáiltím roimh an deis seo labhairt sa Dáil inniu ar ábhar atá gar do mo chroí. Tá áthas orm a bheith i mo sheasamh os bhur gcomhair amach agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 deimhnithe ag mo chomhghleacaithe sa Rialtas ar an 10ú lá de Nollaig. Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus is é ceart an duine an Ghaeilge a úsáid agus gnó á dhéanamh aige nó aici le heagraíochtaí Stáit, atá faoi chaibidil againn inniu agus atá i gcroílár Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.

Sílim gur fiú cúpla focal a rá faoin gcúlra a bhain leis an mBille teanga a chur i dtoll a chéile le comhthéacs a thabhairt do phlé an lae inniu. Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann - luaitear san airteagal céanna gurb é an Béarla teanga oifigiúil eile an Stáit. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Iúil 2003 agus ba é príomh-aidhm na hachta sin ná timpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeadh an teanga níos feiceálaí agus go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go mbeadh tuiscint i bhfad níos fearr ag an tsaoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Sular dréachtaíodh an Bille seo le leasú a dhéanamh ar Acht 2003, cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Tá ionchur faighte ag oifigigh mo Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí go bhfuil éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Ba mhór an chabair í tuarascáil an chomhchoiste d'oifigigh mo Roinne agus an Bille teanga á dhreachtú acu agus gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ionchur luachmhar sin sa bpróiseas.

Is é an bun-aidhm atá againn leis an mBille nua ná a chinntiú go leanfaidh an tAcht teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.

Tá iarracht déanta sa Bhille seo dul i ngleic le dhá mhórcheist. Is iad sin na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Tá 13 alt sa Bhille seo agus ba mhaith liom léargas a thabhairt ar na forálacha atá ann ina n-ord, de réir riar na n-alt. Déantar foráil le halt 1 maidir le mínithe ar théarmaí a úsáidtear sa Bhille seo. Tá míniú le fáil ann ar “Príomh-Acht" agus sa chás seo ciallaíonn sé Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tugann alt 2 téarmaíocht isteach sa phríomh-Acht a tháinig chun cinn den chéad uair in Acht na Gaeltachta 2012 agus a úsáidtear go forleathan anois sa phróiseas pleanála teanga. Folaíonn na téarmaí sin limistéar pleanála teanga Gaeltachta, baile seirbhíse Gaeltachta agus líonra Gaeilge.

Tugann alt 3 cumhacht don Rialtas duine laistigh de chomhlacht poiblí a shainainmniú ina cheann comhlachta phoiblí nó ina ceann comhlachta phoiblí chun críocha an phríomh-Achta sa chás go mbeidh post cinn comhlachta phoiblí folamh. Leis an bhforáil seo, cinnteofar go leanfar leis na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí faoi réim an phríomh-Achta a chomhlíonadh, fiú i gcás go bhféadfaidh post cinn comhlachta phoiblí a bheith folamh go sealadach.

Baineann alt 4 le cearta an duine an leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid chomh maith le seoladh nó teideal Gaeilge a úsáid. Leis an alt seo, leasaítear alt 9 den phríomh-Acht agus tugtar isteach le halt 9A dualgas ar chomhlachtaí poiblí forordaithe a éascú, go príomha trí athrú a dhéanamh ar an gcórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide go ndéanfar ainm, lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm, seoladh nó teideal duine i nGaeilge a úsáid. Tá tábhacht chultúrtha ag baint leis an bhforáil seo i limistéir Ghaeltachta inar gnách an fhoirm athartha nó an fhoirm mháthartha d'ainm pearsan aonair a úsáid i nGaeilge.

Foráiltear le halt 9B, gur chóir foirmeacha oifigiúla a fhoilsiú i nGaeilge nó go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, agus foráiltear freisin an modh ar chóir é sin a dhéanamh.

Foráiltear le halt 9C, gur chóir, i gcás go mbeidh lógó á athnuachan nó á athrú ag comhlacht poiblí láithreach, gur i nGaeilge nó sa dá theanga oifigiúla a bheidh an lógó nua. Déantar foráil leis freisin maidir le cothroime idir an dá theanga sna lógónna sin.

Foráiltear le halt 9D, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ainm comhlachta reachtúil nua-bhunaithe. Ceanglaítear leis freisin, i gcás téacs is cuid de lógó comhlachta reachtúil nua-bhunaithe, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh sé agus go mbeidh cothroime idir an dá theanga i lógónna.

Ceadaítear le halt 5, nach mbeidh scéim teanga comhlachta phoiblí i bhfeidhm a thuilleadh a luaithe a dhéanfar an comhlacht poiblí sin a fhorordú faoin gcóras caighdeán teanga.

Foráiltear le halt 6, go mbunófar coiste reachtúil, darbh ainm an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, agus leagtar amach ann téarmaí maidir lena chomhaltas, lena fheidhmeanna agus lena nósanna imeachta tuairiscithe. Fágann bunú an choiste chomhairligh go gcuirfear leis an gcaidreamh oibre a bhí ann cheana idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Léirítear leis freisin sprioc an Rialtais chun an cion cainteoirí Gaeilge a earcófar chuig comhlachtaí poiblí a mhéadú go 20%, a fhágfaidh go dtiocfaidh méadú ar an gcumas a bheidh ag comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta. Tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Anuas air sin, tá mo Roinn ag féachaint lena chinntiú go mbeidh formhaoirsiú níos fearr ann tríd an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge a thabhairt isteach agus trí aonad tiomnaithe a bhunú laistigh den Roinn a chuirfidh cur i ngníomh an bheartais ar a bhfuil an tAcht fothaithe chun tosaigh. Meastar go mbeidh cur chuige níos dinimiciúla ann mar thoradh ar na bearta seo, maidir leis an líon cainteoirí Gaeilge agus maidir leis na seirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí a mhéadú.

Má tá an chóras nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste, agus tá sé i gceist tógáil, céim ar chéim, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Tugann mo Roinn tacaíocht láidir do chúrsaí tríú leibhéal faoin gCiste triú leibhéal agus léiríonn sé seo go bhfuil deiseanna suntasacha ag na daoine óga freastal ar chúrsaí ollscoile, lán-Ghaeilge agus cáilíochtaí ardleibhéal a bhaint amach. Dá bharr sin, beidh fórsa saothair níos oilte againn agus beidh deis ag na daltaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge faoi láthair mar chuid lárnach den earnáil phoiblí amach anseo.

Tá earcú líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí ag croílár na hiarrachtaí d'fhonn forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm. Ní mór a choinneáil ar intinn gur fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas ar leith le haghaidh oifigigh feidhmiúcháin le Gaeilge le déanaí le hais na gcomórtais le sruthanna Gaeilge iontu a bhí á riar le roinnt blianta anuas. Meastar go bhfeicfear torthaí níos fearr de bharr an chur chuige nua seo.

Cé go bhfuil spriocanna an-tábhachtacha léirithe againn d'earcaíocht, níltear ag déanamh dearmaid ar na hoibrithe fostaithe san earnáil phoiblí agus a gcuid ionchur i seirbhísí Gaeilge a sholáthar don phobal. Tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís. Is í aidhm an chomhaontaithe seo tacú leis an bhfoireann chun a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt agus chun cur le cumas na Státseirbhíse seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Tá an comhaontú seo tábhachtach ach go háirithe i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Faoin gcomhaontú, tá freagrachtaí ar mo Roinn i dtaca le hoiliúint agus measúnú inniúlachta sa Ghaeilge a éascú don fhoireann sa Státseirbhís. Tá réimse leathan de chúrsaí oiliúna sa Ghaeilge á sholáthar ag an gcomhlacht Gaelchultúr chun na críche seo faoi chonradh atá aontaithe le Foras na Gaeilge.

Baineann alt 7 den Bhille le córas na gcaighdeán teanga a bhfuil i gceist a thabhairt isteach in ionad chóras na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair. Tá córas na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair ag brath ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí, atá liostaithe sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht, chun na bearta a leagan amach chun a chinntiú go soláthróidh siad seirbhísí don phobal trí Ghaeilge, agus chun leibhéal na seirbhísí sin a mhéadú céim ar chéim in imeacht ama. Glactar leis go forleathan nár éirigh le córas na scéimeanna teanga. Tá an córas sin cáinte ag an gCoimisinéir Teanga, a léirigh na heasnaimh sa tuarascáil dá chuid: Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga, a foilsíodh in 2017. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas daingnithe na scéimeanna dúshlánach, ach tá dul chun cinn déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun. Tá sé aitheanta againn, áfach, go raibh agus go bhfuil go leor deacrachtaí leis an gcóras. Mar sin, mar chuid den Bhille nua seo, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin.

Ar an mbealach seo, beimid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Ceadaítear in alt 8 an tagairt don Choimisiún Logainmneacha sa phríomh Acht a scriosadh. Is gá an leasú seo a dhéanamh i bhfianaise na breithe a thóg an Rialtas chun deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha sa bhliain 2012, mar chuid dá phlean um athchóiriú na seirbhíse poiblí. Cuireadh coiste saineolaithe, arna cheapadh ag an Aire ar bhonn riaracháin, in ionad an Choimisiúin Logainmneacha. Is de dhroim an leasaithe roimhe seo in alt 8, lenar cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, a dhéantar an leasú in alt 9. Déantar foráil leis maidir le próiseas comhairliúcháin sula ndéanfaidh an tAire ordú logainmneacha, sula leasaítear nó sula gcúlghairtear é.

In alt 10, leasaítear na hailt a bhaineann le toghairm ghiúiré agus fógraí in Acht na nGiúiréithe, 1976, chun foráil a dhéanamh maidir le fógra dátheangach a eisiúint nuair a dhéantar duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir. Tá an fhoráil seo á lorg ag pobal labhartha na Gaeilge le fada.

Ceadaítear le halt 11 aisghairm a dhéanamh, am éigin sa todhchaí nuair a thiocfaidh na caighdeáin teanga in ionad na scéimeanna teanga go léir, ar na hailt sin den phríomh Acht ina ndéileáiltear leis na scéimeanna teanga.

Ceadaítear, le halt 12, aistriú ó chóras na scéimeanna teanga go caighdeáin teanga. Déanfar caighdeáin teanga a thabhairt isteach go céimneach chun aistriú ordúil ó scéimeanna teanga a chinntiú agus dá bharr sin beidh córas níos simplí agus níos trédhearcaí ann chun seirbhísí Gaeilge a sholáthar.

Déantar foráil le halt 13 maidir le gearrtheideal an Bhille, maidir lena fhorléiriú agus lena lua, agus maidir le forálacha tosach feidhme.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil sé tábhachtach pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach rud a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, braitheann todhchaí na teanga go príomha ar an bpobal. Tá a fhios agam go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Is céim chun tosaigh í foilsiú an Bhille seo chun cuidiú leis an sprioc seo a bhaint amach. Cabhróidh sé seo leis an bpobal leas a bhaint as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus chun go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht. Fadó, tháinig an pobal le chéile i meitheal chun an fhéir a shábháil. Tá an nós seo le feiceáil sa seanfhocal “ní neart go cur le chéile”, agus aontaím go hiomlán leis.

Agus mé ag caint ar mheitheal, cuirim mo bhuíochas in iúl don Teach seo as an tacaíocht a fuair mé féin agus oifigigh mo Roinne le linn an phróisis fada seo. Gabhaim buíochas don Taoiseach, don Tánaiste, agus don Aire, an Teachta Madigan, a bhí mar Aire Stáit romham, chomh maith le baill Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, baill den fhreasúra, agus na geallsealbhóirí uile a chuidigh linn teacht go dtí an pointe seo leis an mBille Teanga. Gabhaim buíochas leo go léir as ucht a gcúnamh, a gcomhairle agus a dtacaíocht. Iarraim ar an Dáil tacaíocht a thabhairt don Bhille seo, atá fíorthábhachtach don Ghaeilge agus neartú na Gaeilge sa chóras Stáit i gcoitinne. De bharr seo, molaim an Bille seo don Teach.

Tá mé sásta éisteacht leis na tuairimí ar fad ón bhFreasúra faoin mBille seo. Beimid ar ais sa bhliain nua, le cúnamh Dé, chun an Dara Céim a chríochnú agus chun dul tríd an bpróiseas, ag obair leis an gcomhchoiste chun smaointe a fháil faoin mBille seo. Gabhaim buíochas arís do chuile dhuine as ucht a dtacaíocht. Tá a fhios agam go raibh frustrachas orthu go léir maidir le moill an Bhille agus tá sé sin pléite go minic sa Teach seo. Tá an Bille againn anois agus táimid ag iarraidh brú ar aghaidh agus é a chur tríd an dá Theach chomh sciobtha agus is féidir. Ag an am céanna, teastaíonn uainn é a phlé agus tuairimí na gComhaltaí faoin mBille a fháil. Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle as ucht an deis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.