Dáil debates

Thursday, 17 October 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Schools Refurbishment

11:25 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl an tiomantas i gceist. Tá dul chun cinn déanta. Táimid ag fanacht anois ar an chéad chéim eile - an togra a bhogadh ar aghaidh go dtí an próiseas pleanála. Is é sin an bhealach is fearr agus is é sin an cloch choirnéil is tábhachtaí ó thaobh an phróisis. Níl mé in ann gealltanas a dhéanamh go mbeidh sé ullamh i Meán Fómhair nó in aon mhí eile, ach tá dul chun cinn déanta. Níl aon deacrachtaí ann faoi láthair. Gabhaim aitheantas don fhoireann uilig i mo Roinn atá ceangailte leis an obair tábhachtach ar an scoil seo. Geallaim inniu go mbeidh mé ag coinneáil an bhrú ar an phróiseas sin. Bhí mo chomhghleacaí, Teachta Creed, i dteagmháil liom faoin togra seo araon leis an Teachta Moynihan. Tá sé i gceist dul ar aghaidh chuig an chéad chéim eile. Is é an próiseas pleanála an rud is tábhachtaí. Tá sé sin socraithe anois. Bogfaimid ar aghaidh ina dhiaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.