Dáil debates

Thursday, 17 October 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Schools Refurbishment

11:25 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Toisc go bhfuil sé thart ar cheithre bhliain ó rinneadh an gealltanas sin, tá an-chuid ama caillte idir an dá linn gan puinn dul chun cinn. Tá breis bhrú ar an scoil. Tá an tinreamh ag fás an t-am ar fad. Feictear i measc an phobail, go háirithe sna bunscoileanna sa cheantar, go bhfuil borradh ar an daonra agus go mbeidh an slua sin ag teacht isteach sa scoil go gairid, thar ceann dhá bhliain. Tá an-chuid acu tagtha cheana féin. An féidir leis an Aire clár ama a leagadh amach don síneadh seo? Cathain a bheidh sé ar fáil? Tá brú ar an scoil cheana féin. An mbeidh sé ullamh nuair a bheidh an slua mór sin tagtha isteach? Cé chomh tapa a tharlóidh sé? Toisc go raibh moill ceithre bhliain ann cheana féin, an féidir é seo a leagadh síos mar cheann de na pointí príomhá agus prioritising a dhéanamh ar Choláiste Ghobnatan chun é a bhrú ar aghaidh go tapa?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.