Dáil debates
Wednesday, 10 April 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
10:45 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tuigim an fhadhb a bhí ann maidir leis an mBreatimeacht ach, má leanann plé ar an mBreatimeacht ar feadh bliana eile, beidh moill ar an reachtaíocht seo toisc go bhfuilimid ag brath go huile is go hiomlán ar dhréachtóirí, mar a luaigh an tAire Stáit. Táim buíoch go raibh cruinniú ag an Aire Stáit leis na hurlabhraithe sa Dáil agus leis na dréachtóirí ar an ábhar seo ach, sin ráite, tá frustrachas ar phobal na Gaeilge, sa Teach seo ach go háirithe, mar gheall ar an moill atá ar dul chun cinn an Bhille seo.
Níl an frustrachas orainn amháin. Sa tuarascáil a d'fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos luaithe sa mhí, dúirt sé: "B’ábhar díomá dom, áfach, nár tapaíodh an deis an bhliain a mharcáil ar bhealach a d’fhágfadh rian buan go reachtúil, trí na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú i bhfoirm Bille agus é a thabhairt go ceannscríbe tríd an bpróiseas reachtúil ina dhiaidh sin." Tá sé ag rá go lom gur gá é seo a dhéanamh. Tá easpa an Bhille seo ag cur moille ar rudaí eile a bhfuil gá leo maidir le cearta teanga don ghnáthshaoránach. Impím arís ar an Aire Stáit dáta a thabhairt dúinn chun go mbeidh a fhios againn cén uair a bheidh an Bille foilsithe. Nuair a fhoilseofar é, beidh ról le himeacht aige.
No comments