Dáil debates

Wednesday, 10 April 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:35 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar chúlra, is iarracht í an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí, agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dhréachtú an Bhille. Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras agus, ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir. Tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhair le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) a dhréachtú. Tá an Bille san áireamh i gclár reachtaíochta an Rialtais le foilsiú roimh an samhradh agus tá mé tiomanta chun é sin a dhéanamh.

Mar is eol don Teachta, toisc go raibh Oifig an Ard-Aighne agus na dréachtóirí dírithe ar cheist na Breatimeachta, bhí moill in 2019 ar aon reachtaíocht seachas na sé Bhille ar tugadh tosaíocht dóibh.

Pléadh ceist an Bhille seo ag cruinniú coicís ó shin. Bhí teagmháil idir Oifig an Ard-Aighne agus mo Roinn ó shin. Chuir mo Roinn breis eolais ar aghaidh maidir le cinn eile den Bhille. Tá Oifig an Ard-Aighne ag déileáil leis na cinn sin. Tá an oifig sin ag breathnú ar aghaidh ar ullmhú agus dréachtú an Bhille thábhachtaigh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.