Dáil debates

Tuesday, 12 March 2019

6:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is maith an rud é go mbíonn ceist na Gaeilge á plé againn anseo uair sa bhliain, ar a laghad. Bíonn mé ag lorg díospóireacht den chineál seo gach uile bhliain ionas go dtabharfar aitheantas cuí do Sheachtain na Gaeilge. Tá i bhfad níos mó ag tarlú anseo le haghaidh Seachtain na Gaeilge le cúpla bliain anuas ná mar a bhí nuair a thoghadh mé don chéad uair. Is rud maith é sin. In ainneoin sin, níl an oiread sin Gaeilge in úsáid i rith díospóireachtaí na Dála is a bhíodh roimhe seo. Cuirim mé féin san áireamh nuair a deirim nach bhfuilimid ag úsáid na Gaeilge chomh minic agus is cóir dúinn. B'fhéidir go mbeimid in ann díriú isteach ar cén fáth nach bhfuil níos mó Teachtaí agus Seanadóirí ag úsáid na Gaeilge. Is fíor nach mbíonn na meáin chumarsáide ag éisteacht linn nuair atá an Ghaeilge á labhairt againn. Is seanfhadhb í sin. Aon uair a labhraím i nGaeilge, ní fheicim focal ar bith faoi sna meáin, fiú sna meáin Gaeilge. Nílimid ag úsáid na Gaeilge díreach chun a bheith sna meáin, ach is tubaiste é i gcomhthéacs na srianta ama a bhíonn orainn go mbíonn orainn an Béarla a labhairt chun aird na meáin a tharraingt nó a mhealladh inár dtreo. B'fhéidir go bhfuil sé níos éasca anois, leis na meáin nua atá ar fáil, an méid atá le rá againn a scaipeadh ar bhealaí difriúla. Tá éacht á dhéanamh ós rud é go bhfuilimid in ann teacht ar video clips den mhéid atá ráite againn i bhfad níos tapúla anois.

Is cuimhin liom mar pháiste - fadó fadó ó shin - ag bailiú pinginí i mboscaí do Chonradh na Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge. Ní raibh ach seachtain i gceist nuair a thosaigh Seachtain na Gaeilge, ach maireann sé coicís anois. Bhí Bliain na Gaeilge againn anuraidh. Tá dream áirithe sa tír atá gafa le cur chun cinn na Gaeilge. Is í an fhadhb atá againn ná nach bhfuilimid in ann an bá do Ghaeilge atá i measc ghnáthphobail na tíre a chasadh isteach i ngníomhaíocht na teanga.

Ag an staid seo, tá plean ann, rud nach raibh ann cheana. Tá bogadh ar aghaidh ann. Níl mé chun an t-am atá agam a chaitheamh ag déanamh caitheamh anuas ar an bplean. Is í an fhadhb atá agamsa nach bhfuil nó ní fheicim an fuadar atá de dhíth chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil. B'fhéidir go gcruthófaí mícheart mé i gceann deich mbliana nó 15 bliana, agus tá súil agam go mbeidh mé mícheart.

Ó thaobh na Gaelscolaíochta de, níl an dul chun cinn le tamall de bhlianta anuas chomh mór is a d'fhéadfaí a bheith ann. Nuair a bhí an bogadh ag tarlú maidir lena lán scoileanna nua a bheith á dtógáil nó maidir le hathrú pátrúnachta, níor thapaigh an córas Stáit an deis a bhí ann iad sin ar fad a aistriú isteach sa Ghaelscolaíocht. Ní gá féachaint ar an méid a bhí ann mí ó shin nuair a fógraíodh nach raibh ach dhá Ghaelscoil as 13 scoil a bhfuair aitheantas. Is tubaiste é sin amach is amach agus tá na rialacha maidir le Gaelscoil nua a bhunú ag cur bac orthu siúd atá ag iarraidh iad a bhunú.

Dúirt mé go minic gur chóir go mbeadh dualgas ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ní hamháin an t-éileamh ar Ghaelscolaíocht a shásamh ach an t-éileamh sin a chruthú chomh maith céanna. Is gá don Roinn stocaireacht a dhéanamh agus cuidiú a thabhairt dá réir. Is athrú iomlán a bheadh é sin ar an meon atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo. Bheadh dualgas uirthi céad teanga na tíre seo a chur chun cinn, ní hamháin tríd an aitheantas a thabhairt ach chomh maith leis sin cuidiú le tuismitheoirí teacht le chéile agus cuidiú leo siúd nach bhfuil Gaeilge acu a aithint go bhfuil an Ghaelscolaíocht ar chomhchaighdeán nó níos fearr ná sin a bheadh ar fáil dóibh as Béarla.

Ó thaobh na Gaeilge féin, tá brú níos mó ar an teanga, toisc na meáìn nua agus an saol a bheith athraithe go suntasach. Nílimid chomh hiargúlta is a bhíomar 20 nó 30 nó fiú 100 bliain ó shin agus is gá dúinn féachaint ar an gcaoi is féidir linn na deiseanna nua atá ann a thapú chun a dhéanamh cinnte de nach mbeidh an Ghaeilge thíos leis, toisc go bhfuil na meáin shóisialta ann agus go bhfuil Béarla i mbarr a réime anois, tráth nach raibh, b'fhéidir, 100 bliain ó shin, nuair a bhí an Fhraincis agus teangacha eile i mbarr a réime. Le 30 nó 40 bliain anuas, tá athrú suntasach tar éis teacht ar sheasamh an Bhéarla. Is í an teanga is mó a bhfuil an dainséar ann maidir le hÉirinn. Conas is féidir linn a dhéanamh cinnte de nach mbeimid thíos leis sin?

Ceist mhór agus ceist atá ag tarlú beagáinín is ea an chaoi is féidir linn tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil cosaint ag cosmhuintir na nGaeltachtaí ar na slite beatha atá acu sna ceantair sin, mar is ceantair iargúlta iad, agus go bhfuil an t-infreastruchtúr ann ag an am céanna: na bóithre, an séarachas, an t-uisce agus, fiú, an leathanbhanda, a luadh níos luaithe. Anuas air sin, ba chóir go mbeadh na tionscail ann ionas go mbeadh gnáthdhaoine agus an chosmhuintir ag fanacht sa cheantair toisc go bhfuil na poist ann agus gur féidir leo na poist sin a bheith acu le linn dóibh an Ghaeilge a labhairt agus gan gá dóibh athrú do theanga eile.

Measaim gur gá dúinn aitheantas a thabhairt, nuair atáimid bailithe anseo inniu, do laochra na hathbheochana, dóibh siúd a choimeád an Ghaeilge bheo le breis is 100 bliain, go háirithe mar go rabhamar ag ceiliúradh an Chéad Dáil Éireann ní ba luaithe i mbliana. B'eiseamláir an chaoi ar chaith an Chéad Dáil Éireann leis an nGaeilge. B'fhéidir go raibh siad ag caint faoi Bhreatimeacht chomh maith céanna mar bhí siad ag caint faoina bheith ag labhairt i nGaeilge, i bhFraincis agus i mBéarla. "Sasamach", measaim, a bhí i gceist acu, agus tá sé sin fós i gceist agamsa.

Ní ceart dearmad a dhéanamh ar an jab a rinne na laochra ó shin chun cosaint a dhéanamh ar na bailte agus ar na sráidbhailte beaga: a leithéidí Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaeltaca, Teaghlaigh Ghaelacha, a bhí ann nuair a bhí mé féin óg agus a d'athraigh go dtí Comhluadar, Gael Linn agus na comharchumainn sna Gaeltachtaí. B’fhéidir gurbh é sin rud arbh fhéidir linn féachaint air amach anseo, is é sin an chaoi ar féidir linn aitheantas breise a thabhairt dóibh agus buíochas a ghabháil leo as an obair a rinne siad le 100 bliain nó le breis is 100 bliain i roinnt cásanna.

Tá a lán rudaí gur féidir linn díriú isteach air. Is ceann de na rudaí móra ó thaobh an Tuaiscirt de an tAcht Teanga agus an grúpa Dearg le Fearg atá ag coimeád na saincheiste sin chun tosaigh. I ndeireadh thiar thall is ceist cearta teanga agus daonna í. Má smaoiníonn duine ar na hathruithe a tharla le 40 bliain anuas sa tír seo, is toisc feachtasaíocht ar na sráideanna go minic a tharla iad siúd. Is toisc Chumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an saol ar an gcéad dul síos. Is toisc iad siúd nach raibh sásta ceadúnais teilifíse a íoc a thosaigh an t-éileamh mór a shásaigh an Rialtas i ndeireadh thiar thall le bunú Theilifís na Gaeilge ar dtús agus anois TG4. Tá an rud céanna i gceist sa Tuaisceart. Ní cóir go mbeadh sé sin amhlaidh de bharr go raibh an gealltanas tugtha ag Comhaontú Chill Rìmhinn agus ba chóir go mbeadh an tAcht sin ann. Tuigim an fhadhb faoi láthair toisc go bhfuilimid ag brath ar theacht ar ais an Chomhthionóil. Ní cóir go mbeimis ag brath air sin agus ba chóir go mbeimis in ann bogadh ar aghaidh. Tá an fhadhb sin ag srian ar a lán nithe maidir leis an teanga, ní hamháin sa Tuaisceart ach thíos anseo chomh maith.

Cuirfidh mé críoch leis trí mholadh go mbeimis ag díriú isteach agus ag déanamh cinnte de ní hamháin go mbeadh an brú orainne, ach ar an gcóras Stáit i gcoitinne agus ar chomhlachtaí príobháideacha chomh maith. Ag an am céanna, molaim go mbeimis ag mealladh an phobail an Ghaeilge atá acu a labhairt agus an Ghaeilge nach bhfuil acu a fhoghlaim agus a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.