Dáil debates

Tuesday, 12 March 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

4:05 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na ceiste tábhachtaí seo a ardú, go mórmhór i rith Seachtain na Gaeilge. Tá mé ar an eolas faoi na smaointí atá ag an gCoimisinéir Teanga sa chomhthéacs seo. Aontaím leis go bhfuil frustrachas ar lucht na Gaeilge maidir leis an moill atá ar an mBille atá luaite ag an Teachta. Tá sé ar bharr an liosta sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, bhí a lán oibre le déanamh ag na dréachtóirí in Oifig an Ard-Aighne ar an reachtaíocht atá curtha le chéile i dtaobh na Breatimeachta. Cé go bhfuil an próiseas reachtaíochta sin beagnach críochnaithe anois, tá na dréachtóirí ag obair ar na hionstraimí reachtúla faoi láthair. Ina dhiaidh sin, sílim go mbeidh siad ag obair ar a lán Billí cosúil leis an mBille maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé ar bharr mo liosta agus ar bharr liosta na Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.