Dáil debates

Tuesday, 12 March 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

4:05 pm

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Ar an 11 Feabhra seo caite, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil sé "go hiomlán míshásúil" go bhfuil pobal na Gaeilge fós ag brath ar Acht teanga nach bhfuil "sách láidir". Tá breis is seacht mbliana caite ó cuireadh tús leis an bpróiseas leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá sár-obair déanta ag Conradh na Gaeilge, ach go háirithe, moltaí a chur le chéile ar scéim ghinearálta agus ar cheannteidil Bille na dteangacha 2019. Cén uair a bheidh an Bille sin críochnaithe agus curtha chun cinn? An mbuailfidh an tAire le pobal na Gaeilge chun an Bhille a fheabhsú? Is í seo Seachtain na Gaeilge 2019 agus fós tá ríomhairí ag an Státseirbhís nach bhfuil in ann síneadh fada a chur ar ainm duine, fiú i liostaí de chuid an CSO. Tuigim an brú atá ar an Rialtas mar gheall ar an mBreatimeacht. Dúradh leis an Dáil seo nach raibh aon ghá ann Roinn na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta a lua sa reachtaíocht atá á tabhairt isteach chun déileáil leis an mBreatimeacht. Is beag an t-iontas go bhfuil imní ar an gCoimisinéir Teanga go gcaillfidh lucht labhartha na Gaeilge muinín as an bpróiseas reachtaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.