Dáil debates

Wednesday, 28 November 2018

Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

 

1:25 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim cinnte go mbeidh seirbhís ann ó 7 Nollaig. Tá a fhios agam gur ceist fhíorthábhactach do mhuintir Árainn é seo. Bhí a lán cruinnithe agam, cruinniú leis an Teachta féin ina measc. Beidh cruinniú eile dé Luain seo chugainn in oifigí na Roinne sna Forbacha le hionadaithe ó na comharchumainn in Árann. Táim cinnte go mbeidh seirbhís ar fáil. Táimid ag déanamh chuile rud chun Aefort na Mine a cheannach freisin. Táimid i dteagmháil le húinéirí Aer Arann agus le húinéirí Aerfort na Mine chun an aerfort sin a cheannach ar son an Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.