Dáil debates
Wednesday, 28 November 2018
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
1:25 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Mar is eol don Cheann Comhairle, tá sé deimhnithe i gclár an Rialtais go gcosnóidh an Rialtas seo muintir na n-oileán ar fud na tíre. Sa chomhthéacs sin, baineann mo cheist le hOileáin Árann. Seachtain ó lá amárach beidh lá na cinniúna ann don aersheirbhís. Beidh deireadh léi seachtain ó lá amárach. Tá ceist dhíreach, ghonta agam. Cad atá i gceist ag an Rialtas? An mbeidh aersheirbhís ann an Aoine seo chugainn? An mbeidh seirbhís eigeandála i gceist?
No comments