Dáil debates

Thursday, 15 November 2018

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

11:05 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá daoine a bhí ag obair agus ag plé leis an gceist seo amach tinn le tamall. Tarlaíonn na rudaí sin. Tá an stiúrthóir Gaeilge ag obair air faoi láthair. Táimid fós dóchasach go mbeimid in ann é a fhoilsiú roimh an Nollaig.

Dá ndéanfadh sé aon difríocht, bheadh mé sásta cruinniú sciobtha a eagrú leis an Teachta agus le Sinn Féin agus páirtithe eile chun é seo a phlé an tseachtain seo chugainn. Bheadh Teachtaí in ann é a phlé le stiúrthóir na Gaeilge. Táimid ag déanamh chuile rud. Táimid fós dóchasach go mbeimid in ann é a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana. Nílimid ag cur aon mhoill air. Cé go bhfuil na ceannteidil foilsithe le tamall, tá chuile Bhille casta. Táimid ag obair air. Nílimid ag cur aon mhoill ar an Bhille seo. Tá sé ráite agam ag an Oireachtas coicís ó shin go gcaithfimid brú a choimeád orainn féin laistigh den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus laistigh d'Oifig an Ard-Aighne. Tá sé ar bharr mo liosta é a bhrú ar aghaidh agus a fhoilsiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.