Dáil debates

Thursday, 15 November 2018

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

11:05 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Teastaíonn uainn go mbeadh an Bille seo ag brú chun cinn chomh tapaidh agus is féidir. Mar atá ráite, tá an coiste tar éis é a phlé agus anois tá sé leis an Aire Stáit. Tuigim go bhfuil an foireann ag obair air faoi láthair. Nuair a cuireadh ceist ar an Aire Stáit mar gheall air an seachtain seo caite, bhí sé ag rá go mbeadh sé ag súil leis thart ar an Nollaig. An é anois go bhfuil an t-am sin ag sleamhnú? Cén fáth atá leis sin? Cad atá tar éis athrú ón tseachtain seo caite?

An bhfuil an tAire Stáit tar éis measúnú a dhéanamh ar cé chomh mór is atá an t-ualach atá le déanamh agus má tá, an bhfuil an t-am ann? Cad iad na constaicí atá roimh an Aire Stáit nó cad atá ag cur moill air? An é go bhfuil easpa foirne ann agus cad atá an tAire Stáit ag déanamh mar gheall air sin chun é a bhrostú ar aghaidh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.