Dáil debates

Thursday, 15 November 2018

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

11:05 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn faoi bhrú ach níl i gceist anseo ach Bille a chur síos ar chearta atá thar a bheith bunúsach. Glacann an tAire Stáit leis sin agus nach bhfuilimid ag lorg an iomarca. Bhíomar thar a bheith cúramach agus an t-aon rud a bhí ag teastáil uainn ná go mbeadh an Bille soiléir agus go mbeadh spriocdátaí ann comh maith. Is é sin an t-easnamh is mó a chonaiceamar. Tá mé thar a bheith buartha anois go bhfuil na spriocdátaí ag sleamhnú tharainn an t-am uilig ón am roimh an samhradh, go dtí tar éis an tsamhraidh go roimh an Nollaig agus anois tá an Teachta Ó Cuív ag rá go bhfuil sé ró-uaillmhianach a bheith ag caint faoin mBille a bheith foilsithe roimh an Nollaig.

Ní féidir glacadh leis sin. Tá gá le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) anois. Táimid ag fanacht leis na blianta. Tuigim go m'bfhéidir go bhfuil deacrachtaí ó thaobh fóirne de agus nílim ag iarraidh tuilleadh brú a chur ar aon duine ach tá gá leis an mBille agus ní féidir glacadh le tuilleadh moille, go háirithe nuair a táimid ag caint faoi chearta bhunúsacha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.