Dáil debates

Thursday, 15 November 2018

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

11:05 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá obair déanta ar thrí cinn de na Ceannteidil le déanaí agus tá siad seolta chuig Oifig an Ard-Aighne so tá siad ag obair ar na Ceannteidil sin faoi láthair ó thaobh seirbhísí sa chúirt agus rudaí mar sin. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh anois ag an dréachtóir. Níl mé in ann a rá go díreach cén uair go díreach a bheidh na Ceannteidil go léir críochnaithe nó cén uair a bheidh an céad dréacht den mBille ann ach má tá an t-eolas sin agam go luath, beidh mé in ann é a chur in iúl don Dáil.

Ó thaobh an sceidil atá san Acht faoi láthair ó thaobh na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta, ní dhearnadh aon uasdátú ar an sceideal sin ó 2006 agus tá athrú mór tagtha ó shin ar ndóigh ar líon agus nádúr na gcomhlachtaí poiblí atá ag feidhmiú sa lá atá inniu ann. Caithfimid dul i ngleic leis seo. Tá oifigigh mo Roinne tar éis dul i gcomhairle le comhleacaithe sna Ranna Stáit eile ar mhaithe le sceideal nuashonraithe a dhréachtú. Tá dul chun cinn suntasach déanta leis an obair seo le cúpla mí anuas agus tá siad ag súil go mbeidh siad in ann an sceideal nua den Acht a fhoilsiú gan moill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.