Dáil debates
Thursday, 15 November 2018
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
11:05 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Beidh an Bille foilsithe nuair atá sé réidh. Tá siad ag brú ar aghaidh leis an obair. Tá daoine a bhí ag plé leis an mBille amach tinn faoi láthair agus tá le tamall. Tá stiúrthóir na Gaeilge é féin ag obair ar an mBille seo. Mar a dúirt mé, bhí sé ag obair i rith na deireadh seachtaine air agus tá sé ag déanamh chuile iarracht an t-eolas go léir a chur chuig Oifig an Ard-Aighne ionas go mbeidh sí in ann dul ar aghaidh leis an obair. Táimid ag cur chuile bhrú ar chuile dhuine mar tá an Bille seo tábhachtach agus beidh sé foilsithe comh luath agus is féidir. Níl mé in ann dáta díreach a thabhairt don Teachta ach mar a dúirt mé, táimid ag déanamh chuile iarracht go mbeidh sé foilsithe roimh an Nollaig.
No comments