Dáil debates
Thursday, 15 November 2018
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
11:05 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá an cúlra go léir againn. Tá cur síos déanta ag an Aire Stáit ar an gcúlra arís ach tá a fhios againn cheana.
Is í an ceist ná cén dáta a fhoilseofar an Bille. Dúireadh linn go bhfoilseofaí an Bille roimh an samhradh, ansin go bhfoilseofaí é tar éis an tsamhraidh agus anois táimid ag cloisteáil go mbeidh sé le linn an seisiún seo. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a dhícheall ach ní féidir glacadh le tuilleadh moille. Tá cearta daonna i gceist leis an mBille seo.
Rinne na daoine a tháinig os ár gcomhair i gComhchoiste na Gaeilge na Gaeltachta agus na nOileáin an t-uafás oibre agus chuir siad in iúl dúinn go soiléir cad a bhí ag teastáil. Tá a fhios againn faoi sin agus tá an méid oibre sin uilig déanta ag na heagraíochtaí éagsúla a tháinig os comhair na coiste. D'fhoilisigh muid tuarascáil chuimsitheach agus ní thuigim cén fáth go bhfuil tuilleadh moille. An bhfuil easpa foirne sa Roinn i gceist? An bhfuil easpa daoine ann chun dul i ngleic leis an mBille a fhoilsiú? Tá dáta ag teastáil.
No comments